YouVersion Logo
Search Icon

1 Tesalóinigh 1

1
1Pól, Silbhánus agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach atá i nDia an tAthair agus sa Tiama Íosa Críost:
Go raibh grásta agus síocháin agaibh.
2Bímid de shíor ag tabhairt buíochais do Dhia ar son an iomláin agaibh, agus do bhur lua go minic inár bpaidreacha, 3agus ag cur i gcuimhne i láthair Dé ár nAthair go bhfuil sibh ag cur le bhur gcreideamh le gníomhartha grá, agus dóchas daingean agaibh as ár dTiarna Íosa Críost. 4Mar tá a fhios againn, a bhráithre a bhfuil grá ag Dia daoibh, go bhfuil sibh tofa aige; 5ó nach i mbriathar amháin a tháinig an soiscéal is againne chugaibh, ach i mórchumhacht agus sa Naomh-Spiorad agus iomlán éifeachta aige. Agus tá a fhios agaibhse cad é an chaoi a chuireamar orainn féin ar bhur son in bhur measc. 6Agus thosaigh sibh ar dhéanamh aithrise orainne agus ar an Tiama, mar ghlac sibh le briathar Dé faoi chruóg mhór, leis an áthas a chuir an Spiorad Naomh ionaibh; 7ionas go raibh sibh in bhur ndea-shampla dá bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acáia. 8Mar ní hé amháin gur fógraíodh briathar Dé os ard uaibh sa Mhacadóin agus in Acáia, ach níl aon áit nach bhfuair scéala faoi bhur gcreideamh i nDia, ionas nach bhfuil feidhm orainn aon fhocal a rá. 9Mar tugann siad féin tuairisc fúinn faoin bhfáilte a fuaireamar uaibh, agus conas a dʼiompaigh sibh ó íola, le seirbhís a dhéanamh don fhíor-Dhia beo, 10agus le bheith ag fuireach lena Mhac a theacht anuas ó neamh, an tÍosa sin a thóg sé ó mhairbh a fhuas-claíos sinn ón bhfearg atá le teacht.

Currently Selected:

1 Tesalóinigh 1: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in