YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 20

20
1Nuair a shocraigh an gleo, chuir Pól fios ar na deisceabail, agus chuir sé misneach iontu agus dʼfhág sé slán agus beannacht acu agus dʼimigh sé go dtí an Mhacadóin. 2Shiúil sé na háiteanna úd agus dúirt sé mórán leo le misneach a chur iontu, agus chuaigh sé ansin chun na Gréige. 3Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine. 4Ba iad a chuaigh ina chuideachta, Sópatér as Beraía, mac Phiorais; agus de lucht Thesaloníca, Aristarcos agus Secundus; agus Gaius as Derbé, agus Timótéus; agus Ticicus agus Trófimus de lucht na hAise. 5Chuaigh siadsan romhainn gur fhan linn i dTróas, 6ach sheolamarna as Filipí i ndiaidh laethanta an Aráin gan Laibhín agus thángamar chucu i dTróas i seal cúig lá, gur chaitheamar seacht lá ansin.
7An chéad lá den tseachtain, nuair a bhíomar cruinn leis an arán a bhriseadh, bhí Pól ag comhrá leo, ó bhí rún aige imeacht an lá arna mhárach; agus lean sé dá chaint go dtí meán na hoíche. 8Bhí mórán lampaí lasta sa seomra in uachtar tí mar a rabhamar cruinnithe. 9Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh. 10Ach tháinig Pól anuas agus chrom sé síos, agus shnaidhm é féin ann, agus dúirt sé, “Ná bíodh aon fhaitíos oraibh, mar tá an t‑anam ann.” 11Chuaigh Pól suas ansin, le harán a bhriseadh agus bia a chaitheamh, agus chaith sé mórán ama ag comhrá leo, go breacadh an lae, agus dʼimigh sé ansin. 12Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad.
13Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois. 14Nuair a tháinig sé chugainn in Assos, thógamar ar bord é agus chuamar go Mitiléné. 15Sheolamar as sin an lá ina dhiaidh sin gur thángamar os coinne Chíos; an lá ina dhiaidh sin thángamar i gcaladh i Sámós; agus i ndiaidh lae eile shroicheamar Milétus. 16Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mbʼfhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse.
17Ach nuair a bhí sé i Milétus, chuir sé teachtaireacht go dtí an Eiféis ag cur feasa ar chruifreacha na heaglaise. 18Agus nuair a tháinig siad chuige, is é a dúirt sé leo: “Tá a fhios agaibh féin cad é an sórt beatha a chaith mé in bhur measc i gcónaí ón gcéad lá a leag mé mo chos ar thalamh na hÁise, 19ag déanamh obair an Tiarna le humhlaíocht mʼaigne agus le deora agus leis an angar a tháinig orm ó chomhcheilg na nGiúdach; 20agus tá a fhios agaibh nár cheil mé oraibh aon ní a bhí le leas bhur n‑anamacha, do bhur dteagasc i lúb chruinnithe agus faoi dhíon tí, 21agus ag foilsiú aithreachais os comhair Dé agus creidimh inár dTiarna Íosa Críost do Ghiúdaigh agus do Ghréagaigh. 22Agus seo anois ar mo bhealach go hIarúsailéim mé, ó chuir an Spiorad de cheangal orm é, agus gan fhios agam cad é a thiocfas orm ansin; 23ach amháin go mbítear ag dearbhú dom i ngach cathair ó bhéal an Spioraid Naoimh go bhfuil braighdeanas agus buairt i ndán dom. 24Ach is beag is fiú liom mo bheo féin, agus is fada liom go gcríochnaí mé mo chúrsa agus an dualgas atá curtha orm ag an Tiarna, ag tabhairt fianaise ar shoiscéal ghrásta Dé. 25Agus tuigigí anois, go bhfuil fhios agam nach bhfeicfidh sibh mo ghnúis arís, sibhse a mbínn ag dul eadraibh ag seanmóireacht na ríochta. 26Mar sin de, tugaim mʼfhianaise daoibh an lá seo go bhfuil mé saor ar éiric anama gach duine agaibh, 27mar níor cheil mé comhairle iomlán Dé oraibh, ach á nochtadh daoibh. 28Tugaigí aire daoibh féin, agus don tréad, ar chuir an Spiorad Naomh in bhur n‑easpaig os a chionn sibh, le heaglais an Tiarna a bheathú a cheannaigh sé lena fhuil féin. 29Tá a fhios agam tar éis mʼimeachta as go dtiocfaidh faolta fíochmhara isteach in bhur measc, agus nach dtioc­faidh an tréad slán uathu; 30agus ní hé sin amháin, ach éireoidh fir as bhur measc féin a bheas claon ina gcaint, leis na deisceabail a mhealladh chun a leanúna. 31Bígí ar bhur bhfaichill mar sin, agus go mba chuimhin libh na trí bliana nach raibh stad orm oíche ná lá ach ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus na deora ag teacht liom. 32Agus anois cuirim ar choimirce Dé sibh agus fágaim sibh ar chúram bhriathar a ghrásta-san; ar féidir leis cothú spioradálta a chur ionaibh agus an oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an dreama atá naomhaithe. 33Ni shantaínn an t‑airgead ná an t‑ór ná an t‑éadach a bhí ag aon duine. 34Tá a dhea-fhios agaibh féin go mbíodh na lámha seo agam ag saothrú le haghaidh mo riachtanas féin agus le haghaidh riachtanas na ndaoine a bhíodh i mo chuideachta. 35Bhínn ar gach dóigh ag taispeáint daoibh go gcaithfear saothrú mar seo le cuidiú a thabhairt don duine lag, ag cuimhneamh ar bhriathra an Tiarna Íosa agus ar an rá sin óna bhéal féin, ‘Is móide is beannaithe tú as bheith ag tabhairt uait ná as bheith ag bailiú chugat.’”
36Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuaigh sé ar a ghlúine agus rinne sé urnaí é féin agus an t‑iomlán acu. 37Agus chuaigh siad uile ag caoineadh agus á snaidhmeadh féin i bPól agus á phógadh, 38agus ba é an chúis ba mhó lena mbrón an focal a bhí ráite aige, nach bhfaighidís an dara hamharc ar a ghnúis-sean. Agus thug siad comóradh dó chomh fada leis an long.

Currently Selected:

Gníomhartha 20: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in