YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 19

19
1San am a raibh Apollós i gCoraint, shiúil Pól trí uachtar na tíre gur tháinig sé go dtí an Eiféis. Tháinig sé ar dhornán bráithre ansin. 2Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “An bhfuair sibh an Spiorad Naomh nuair a tháinig sibh chun creidimh?” Agus ar siadsan, “Ní bhfuair, mar níor chualamar riamh fiú go raibh a leithéid de Spiorad Naomh ann.” 3Agus dʼfhiafraigh sé díobh ansin, “Cé an sórt baiste ar ghlac sibh leis mar sin?” Agus ar siadsan, “Le baiste Eoin.” 4Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.” 5Nuair a chuala siad sin, ghlac siad le baiste in ainm an Tiarna Íosa. 6Agus nuair a leag Pól a lámha orthu, tháinig an Spiorad Naomh orthu; agus labhair siad i dteangacha agus rinne siad fáidheadóireacht. 7Bhi dáréag iontu go hiomlán.
8Agus chuaigh sé isteach sa tsionagóg ansin, agus labhair sé go neamheaglach i rith trí mhí, ag díospóireacht agus ag pléchúis ríocht Dé; 9ach nuair a bhí cuid acu cruamhuineálach díchreidmheach, agus iad ag cáineadh na Slí os comhair an chomhthionóil, dhealaigh sé leo ansin, ag tabhairt na ndeisceabal leis, go ndearna díospóireacht ó lá go lá in áras Thiranais. 10Leanadh den obair sin ar feadh dhá bhliain, ar mhodh gur chuala áitreabhaigh na hÁise uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, briathar Dé.
11Agus bhíodh míorúiltí neamhchoitianta á ndéanamh ag Dia trí lámha Phóil, 12mar bhíodh ciarsúir agus éadaí eile a bhí ar a chorpsan á n‑iompar chuig daoine breoite, agus na haicídí á bhfágáil agus na deamhain ag imeacht astu dá thairbhe sin. 13Ba ansin a ghlac cuid de na Giúdaigh shiúil, lucht deamhain a dhíbirt, orthu féin ainm an Tiarna Íosa a lua os cionn na ndaoine a raibh deamhain ina gcoirp, mar deiridís, “Cuirim ort as ucht an Íosa seo a mbíonn Pól ag seanmóireacht faoi.” 14Bhi seachtar mac a bhí ag ardsagart Giúdach darbh ainm Scébha ag déanamh mar sin. 15Ach ba mar seo a dʼfhreagair an drochsprid iad, “Tá aithne agam ar Íosa agus eolas agam faoi Phól; ach cé sibh féin?” 16Agus léim an fear, a raibh an deamhan ann, ina mullach, á gcloí uile, agus ag fáil an lámh uachtair orthu, sa chruth gur theith siad as an teach úd agus iad loite lomnocht. 17Agus chuala a raibh ina gcónaí san Eiféis de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh iomrá air sin; agus thit eagla orthu uile, agus tugadh adhmholadh dʼainm an Tiarna Íosa. 18Tháinig mórán freisin a bhí ina gcreidmhigh anois, gur admhaigh agus gur fhoilsigh siad a gcleasa. 19Agus bhí cuid mhór dá mbíodh ag cleachtadh asarlaíochta a rinne a gcuid leabhar a charnadh le chéile agus a dhó i súile an phobail; agus comhaireadh a luachsan agus measadh ar chaoga míle bonn dʼairgead é. 20Ba é sin an bláth agus an biseach a bhí ar bhriathar an Tiarna.
21Ba i ndiaidh na n‑imeachtaí sin uile a rinne Pól rún, agus an Spiorad á threorú, an Mhacadóin agus Acáia a shiúl ar a bhealach go hIarúsailéim, agus é á rá, “I ndiaidh bheith ansin, caithfidh mé an Róimh a fheiceáil freisin.” 22Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus dʼfhan sé féin san Áise tamall.
23Ba i dtrátha an ama sin a tógadh gleo nár bheag i dtaobh na Slí. 24Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid dʼArtemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe. 25Chruinnigh sé le chéile iad, agus oibrithe eile den sórt, agus dúirt sé leo, “A fheara, tá a fhios agaibh go mbainimid a bhfuil de shaibhreas againn as an obair seo. 26Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine. 27Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.”
28Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!” 29Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól. 30Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh; 31agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann. 32Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile. 33Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine. 34Ach ní luaithe a dʼaithin siad gur Ghiúdach é ná bʼshiúd iad uile ag scairteadh dʼaon ghuth in ard a gcinn, ar feadh dhá uair, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!” 35Ach nuair a bhí an slua tugtha chun suaimhnis ag an gcléireach baile, dúirt sé leo, “A fheara na hEiféise, cá bhfuil an fear nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé de chúram ar chathair na nEiféiseach teampall an bhandé mhóir Artemis agus an naomhchloch a thit anuas ón spéir a choimeád? 36Agus ó nach féidir é seo uile a shéanadh, is ceart daoibh bheith socair staidéartha agus gan aon ní tobann a dhéanamh. 37Mar tá sibh i ndiaidh na fir seo a thabhairt anseo cé nach bhfuil aon teampall sáraithe acu ná aon mhasla tugtha acu ar ár mbandia-na. 38Mar sin de, má tá ábhar casaoide in aghaidh aon duine ag Demetrius nó ag na ceardaithe atá aige, tá na cúirteanna dlí ann, agus iad ar oscailt rompu, agus tá prochonsail ann, agus féadann siad an dlí a chur ar a chéile. 39Ach má tá rud ar bith eile uaibh, déanfar a réiteach ar an tionól rialta. 40Mar is baolach go mbeifear ag cur cúis chíréibe inár leith faoinar tharla inniu, ó nach féidir linn a chruthú go bhfuil cúis ar bith leis an ngleo seo.” 41Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuir sé deireadh leis an gcruinniú.

Currently Selected:

Gníomhartha 19: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in