YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 21

21
1Scaramar mar sin leo agus chrochamar ár seolta in airde, agus rinneamar caol díreach ar Chós, agus thángamar go Ródés an lá ina dhiaidh sin, agus as sin go Patára. 2Thángamar ansin ar long a bhí le dul trasna na farraige go Féinícia, agus chuamar ar bhord agus sheolamar uirthi. 3Nuair a nocht an Chipir dúinn, dʼfhágamar ar ár mbord clé í ag déanamh ar an tSír, agus thángamar i dtír ag Tior; mar ba ansin a bhí ar an long a lasta a dhíluchtú. 4Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus dʼfhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim. 5Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, dʼimíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus dʼfhágamar slán agus beannacht ag a chéile. 6Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus dʼfhill siadsan abhaile.
7Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo. 8Dʼimíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus dʼfhanamar aigesean. 9Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht. 10Nuair a bhíomar tamall de laethanta ag fanacht ansin, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas as Iúdaea. 11Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.’ ” 12Nuair a chualamar sin, dʼagraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim. 13Dʼfhreagair Pól ansin, “Cad é atá sibh a dhéanamh, ag caoineadh agus ag briseadh mo chroí? Mar táim sásta ní hamháin le dul i bpríosún ach le bás a fháil in Iarúsailéim ar son ainm an Tiarna Íosa.” 14Agus nuair a chonaiceamar nach raibh maith ann dúinn bheith ag cur comhairle air, chuireamar suas de, agus dúramar, “Toil an Tiarna go ndéantar.”
15Nuair a chuaigh na laethanta úd thart, rinneamar réidh agus chuamar suas go hIarúsailéim. 16Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige.
17Nuair a thángamar go hIarúsailéim, chuir na bráithre fáilte chroíúil romhainn. 18An lá ina dhiaidh sin chuaigh Pól chuig Séamas linne; agus bhí na cruifreacha uile i láthair. 19Bheannaigh sé dóibh siúd, agus ansin dʼinis sé tríd síos a ndearna Dia do na Gintlithe trína fhriotháileamh féin. 20Agus nuair a chuala siad é, thug siad glóir do Dhia. Agus ar siadsan leis, “Feiceann tú, a bhráthair, na mílte a ghlac leis an gcreideamh i measc na nGiúdach; agus cad é chomh díograiseach agus atá siad i dtaobh an dlí, 21agus insíodh dóibh fútsa go mbíonn tú ag múineadh do na Giúdaigh uile a bhíos i measc na nGintlithe go gcaithfidh siad cúl a láimhe a thabhairt do Mhaois, agus go mbíonn tú ag rá leo gan a gclann mhac a thimpeallghearradh ná na nósanna a choinneáil. 22Cad é is coir a dhéanamh mar sin? Is cinnte go gcluinfidh siad go bhfuil tú i ndiaidh teacht anseo. 23Inseoimid duit cad é a dhéanfas tú. Tá ceathrar fear againn atá faoi mhóid; 24glac na fir seo agus bí tusa do dʼíonghlanadh féin ina gcuideachta, agus íoc a gcostais, go mbearra siad gruaig a gcinn. Beidh a fhios ag an saol uile mar sin nach bhfuil fírinne ar bith sa mhéid a insíodh dóibh fút, ach go gcaitheann tú do bheatha in umhlaíocht don dlí. 25Ach i dtaca leis na Gintlithe a ghlac le creideamh, tá litir scríofa againn chucu lenár mbreith go staonfadh siad ónar íobraíodh dʼíola, agus ó fhuil agus ó fheoil ainmhithe a tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht.” 26Ghlac Pól leis na fir, agus dʼíonghlan sé é féin leo lá arna mhárach agus chuaigh sé isteach sa teampall, le fógra a thabhairt faoi cá huair a chuirfí críoch le laethanta an íonghlanta agus a dʼofrálfaí íobairt le haghaidh gach duine acu.
27Nuair a bhí na seacht lá i ngar do bheith críochnaithe, shéid na Giúdaigh as an Áise, a bhí i ndiaidh é a fheiceáil sa teampall, faoin slua uile, agus leag siad lámha air, 28agus iad ag scairteadh, “A fheara Iosrael, cabhair! Seo an fear a bhíos ag tabhairt teagaisc do na daoine san uile áit atá in aghaidh an phobail is againne agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo; agus lena chois sin thug sé Gréagaigh isteach sa teampall, agus tá an áit naofa seo truaillithe aige.” 29Mar roimhe sin chonaic siad Trófimus an tEiféiseach ina chuideachta sa chathair, agus shíl siad gur thug Pól isteach sa teampall é. 30Bhi corraí ann ansin ar fud na cathrach, agus na daoine ag rith le chéile; rug siad ar Phól gur tharraing amach as an teampall é, agus dúnadh na geataí ar an toirt. 31Agus nuair a bhí siad ag iarraidh é a mharú, tháinig an scéal chuig treabhann an chohóirt go raibh Iarúsailéim uile ina chíorthuathal. 32Ar an bpointe thug sé saighdiúirí agus ceantúirí leis, agus rith sé síos chucu; agus nuair a chonaic siad an treabhann agus na saighdiúirí chucu, stad siad de bheith ag bualadh Phóil. 33Tháinig an treabhann aníos ansin agus ghabh sé é, agus thug sé ordú a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé cé bhí ann agus cad é a bhí déanta aige. 34Ansin bhí cuid den slua á rá seo agus cuid eile á rá siúd in ard a gcinn; agus ó nár fhéad sé fírinne an scéil a fháil de bharr an challáin, dʼordaigh sé a thabhairt isteach go beairic na saighdiúirí. 35Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre, bʼéigean do na saighdiúirí a iompar, bhí an slua chomh fíochmhar sin; 36mar bhí slua daoine á leanúint agus iad ag scairteadh, “Cuirigí den saol é!”
37Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat? 38An féidir é mar sin nach tú an tÉigipteach úd a dʼfhadaigh an t‑éirí amach tá tamall gairid ó shin agus a thug ceithre mhíle de lucht na Miodóg amach go dtí an fásach leis?” 39Dúirt Pól á fhreagairt, “Giúdach atá ionam, as Tarsus i gCilicia, saoránach de chathair nach bhfuil gan chlú; iarraim mar achainí ort cead a thabhairt dom labhairt leis na daoine.” 40Agus nuair a thug sé an cead sin dó, sheas Pól i mbarr an staighre, agus rinne sé comhartha lena láimh leis na daoine; agus nuair a bhí ciúnas mór ann, labhair sé leo sa teanga Eabhrach, agus is é a dúirt sé:

Currently Selected:

Gníomhartha 21: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in