YouVersion Logo
Search Icon

2 Tesalóinigh 2

2
1Anois maidir le teacht ár dTiarna Íosa Críost agus ár slógadh le dul ina airicis, táimid á iarraidh oraibh, a bhráithre, 2gan bheith do bhur suathadh ná do bhur séideadh i dtobainne as bhur gciall, le spreagadh ó sprid nó le briathar duine nó le litir atá in ainm a bheith uainne, a mbainfidh sibh scéal as go bhfuil lá an Tiarna tar éis teacht orainn. 3Ná ligigí do dhuine ar bith dallamullóg arbith a chur oraibh; mar ní thiocfaidh an lá úd, mura dtiocfaidh an t-éirí amach an chéad uair, agus go nochtfar duine úd an aindlí, an mac mallachta, 4a bhíos á ardú féin in éadan a bhfuil in ainm a bheith ina Dhia nó ina ábhar adhartha, ar nós go mbíonn sé á shuí féin i dteampall Dé, ag maíomh gurb é féin is Dia ann. 5An é nár chuimhneach libh mise á insint sin daoibh nuair a bhí mé agaibh go fóill? 6Agus tá a fhios agaibh cad é atá á chose anois, ionas nach nochtfar é go dtí an t-am is dual dó. 7Mar tá rúndiamhair an aindlí ar obair cheana féin; ach go bhfuil cosc leis nár tógadh as go fóill. 8Agus is ansin a nochtfar duine an aindlí, a maróidh an Tiarna Íosa é le hanáil a bhéil agus a scriosfaidh sé é lena theacht agus lena thaispeáint. 9Beidh teacht dhuine an aindlí á ghníomhú ag Sátan le mórchumhacht agus le comharthaí agus le hiontais bhréige, 10agus le cluain uile na héagóra don dream a bhfuil an léirscrios i ndán dóibh, ó nach nglacfaidís le grá na fírinne a shlánódh iad. 11Dá bhrí sin cuireami Dia dalladh dian orthu, le creideamh a thabhairt don bhréag, 12ionas go dtugtar breithiúnas ar an dream uile nár chreid san fhírinne ach a mbíodh pléisiúr acu san éagóir.
13Ach tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre a bhfuil grá ag an Tiarna daoibh, as siocair gur thogh Dia ó thús sibh le bheith do bhur slánú, trí naomhú leis an Spiorad agus trí chreideamh san fhírinne. 14Is chuige sin a ghlaoigh sé oraibh trína shoiscéal, sa chaoi go bhfaighe sibh glóir ár dTiama Íosa Chríost. 15Seasaigí amach go daingean mar sin, a bhráithre, agus coinnígí greim docht ar an seanchas a mhúineamar daoibh, le briathar nó le litreacha.
16Anois go raibh ár dTiarna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, a thug grá agus sólás síoraí agus dea-dhóchas dúinn tríd an ngrásta, 17ag tabhairt misnigh do bhur gcroíthe agus á ndaingniú san uile dhea-obair agus dhea-bhriathar.

Currently Selected:

2 Tesalóinigh 2: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Tesalóinigh 2