2 Tesalóinigh 1
1
1Pól, Silbhánus, agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach i nDia ár nAthair agus sa Tiarna Íosa Críost:
2Grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
3Tá sé mar dhualgas orainn altú buíochais a thabhairt i gcónaí do Dhia ar bhur son, a bhráithre, is é ár gceart é, ó tá fás fairsing ag teacht ar bhur gcreideamh, agus bhur ngrá dá chéile ag méadú. 4Dá bhrí sin bímid féin ag maíomh asaibh in eaglaisí Dé ar bhur ndaingneacht agus bhur ndílseacht ina mbíonn á fhulaingt agaibh de ghéarleanúintí agus de chruatan.
5Cruthú é seo ar cheartbhreithiúnas Dé, ionas go ndéantar daoine díbh ar fiú iad an ríocht sin Dé a fháil, a mbíonn sibh á fhulaingt sin ar a son— 6ó measann Dia an cruatan a chur mar chúiteamh ar a mbíonn ag cur cruatain oraibh, 7agus faoiseamh a thabhairt in éineacht linne daoibhse a gcuirtear cruatan oraibh, nuair a nochtar Íosa Críost ó neamh, é féin agus a thréanaingil, i mbladhairí tine, 8ag imirt díoltais ar an dream úd nach n-aithníonn Dia agus nach n-umhlaíonn do shoiscéal ár dTiarna Íosa. 9Cuirfear mar phionós orthu bheith á síorscriosadh gan gnúis Dé ná glóir a mhórchumhachta a fheiceáil, 10nuair a thiocfas sé an lá úd le bheith á ghlóiriú ina naoimh, agus ina ábhar iontais sna creidmhigh, ó creideadh ár bhfianaise daoibh. 11Chuige sin bím i gcónaí ag guí Dé ar bhur son, go ndéana sé daoine díbh ar fiú a ghairm, agus go gcomhlíona sé lena chumhacht gach dea-rún agus gach obair chreidimh, 12i dtreo is go nglóirítear ainm ár dTiarna Íosa ionaibh, agus sibh ann, de réir ghrásta ár nDé agus an Tiarna Íosa Chríost.
Currently Selected:
2 Tesalóinigh 1: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland