YouVersion Logo
Search Icon

1 Tesalóinigh 5

5
1Ach maidir leis na hamanna agus na huaineacha, a bhráithre, níl feidhm oraibh aon ní a scríobh chugaibh. 2Mar tá a dhea-fhios agaibh go dtiocfaidh lá an Tiarna orainn mar a thiocfas gadaí oíche. 3Nuair a bheas na daoine á rá, “Nach socair agus suaimhneach é,” titfidh an scrios tobann orthu mar a thiocfas a haimsir ar an mbean thorrach, agus ní bheidh aon bhealach éalaithe acu. 4Ach níl sibh sa dorchadas, a bhráithre, go dtiocfaidh an lá úd gan fhios mar ghadaí. 5Mar is clann an tsolais agus clann an lae ghil sibh uile; ní den oíche ná den dorchacht sinne. 6Mar sin ná codlaímis mar an chuid eile, ach bímis inár ndúiseacht gan mheisce. 7Mar codlaíonn na codlatóirí san oíche, agus téann na pótairí ar meisce san oíche. 8Ach ós den lá sinne, ná bíodh aon mheisce orainn ach lúireach an chreidimh agus an ghrá, agus dóchas an tslánaithe mar chlogad orainn. 9Mar ní don fhearg a cheap Dia sinn, ach le slánú a fháil trínár dTiarna Íosa Críost, 10a fuair bás ar ár son ionas go mairfimis leis is cuma cé acu a bhímid inár gcodladh nó inár ndúiseacht. 11Mar sin cuirigí misneach ina chéile agus neartaígí lena chéile, mar atá á dhéanamh agaibh.
12Ach impímid oraibh, a bhráithre, aitheantas a thabhairt dá n-oibríonn in bhur measc mar chinn chreidimh an Tiarna agus mar chomhairleoirí, 13agus ardmheas agus grá as cuimse a bheith agaibh orthu mar gheall ar a n-obair siúd. Bígí síochánta le chéile. 14Agus mar achainí oraibh, a bhráithre, gríosaígí na falsóirí, tugaigí croí do lucht an chroí mheata, cuidígí leis na laga, agus bígí foighneach leis an uile dhuine acu. 15Tugaigí aird air nach dtugann aon duine agaibh olc in aghaidh an oilc, ach ag iarraidh leas a chéile agus an uile dhuine a dhéanamh. 16Bígí lán de lúcháir i gcónaí, 17ná stadaigí den umaí, 18altaígí cibé a thiocfas oraibh; ós é sin a thoiligh Dia daoibh in Íosa Críost. 19Ná múchaigí an Spiorad, 20agus ná bígí beag beann ar fháidheadóireacht, 21ach cuirigí féachaint ar gach uile ní; ag greamú dá bhfuil maith 22agus ag fanacht amach ó gach cineál dá bhfuil olc.
23Go naomhaí Dia na síochána féin go hiomlán sibh, agus go gcoinnítear sibh idir sprid agus anam agus chorp slán gan smál ag teacht ár dTiarna Íosa Críost. 24Is iontaofa an té atá ag glaoch oraibh, agus déanfaidh sé sin.
25A bhráithre, guígí ar ár son.
26Beannaígí do na bráithre uile le naomhphóg.
27Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile go léir.
28Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh.

Currently Selected:

1 Tesalóinigh 5: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in