YouVersion Logo
Search Icon

2 Coraintigh 8

8
1Ba mhaith linn, a bhráithre, a fhios a bheith agaibhse conas a nochtadh grásta Dé in eaglaisí na Macadóine, 2mar is san uair ba mhó a theann an t-anró orthu a chuir a n-ardáthas agus a ndianbhochtanas thar maol i bhfair-singeacht a bhféile. 3Táim i mʼfhinné air gur thugadar uathu de réir a n-acmhainne, agus go ndeachaigh siad thar a n-acmhainn dá ndeoin féin, 4ag impí orainn a ligean dóibh bheith páirteach san fhóirithint sin a bhí le déanamh ar na naoimh— 5agus rud nach raibh coinne again leis, thoirbhir siad iad féin do Dhia ar dtús agus dúinne le toil Dé. 6Táimid á iarraidh mar sin ar Thítus críoch a chur ar an obair dhéirciúil seo, ar thosaigh sé uirthi in bhur measc. 7Anois ó bíonn gach ní ar fheabhas agaibh—idir chreid-eamh agus urlabhra agus eolas agus dhúthracht agus bhur ngrá dúinne—ligigí dom a fheiceáil go bhfuil an obair dhéirciúil sin déanta ar fheabhas freisin.
8Ní hé sin le rá go bhfuil mé á ordú, ach ag baint feidhme as dúthracht na ndaoine eile lena fheiceáil an bhfuil sibhse dáiríre in bhur ngrá. 9Mar tá a fhios agaibh faoi ghrásta ár dTiarna Íosa Críost, a rinne bochtán de féin ar bhur son, agus é saibhir, ionas go ndéanfadh sibh bhur saibhreas as a bhochtanas. 10Agus níl mé ach ag cur comhairle oraibh sa ghnó sin: is fearr daoibh an obair sin a chríochnú anois, a raibh tús agaibh uirthi agus spéis agaibh inti bliain ó shin, 11ionas go mbeidh acmhainn agaibh lena chur i gcríoch ar nós a chuirfeas leis an dea-thoil a bhí agaibh. 12Mar má bhíonn an toil ag duine, glactar leis de réir a bhfuil de mhaoin aige, agus gan dul thar á acmhainn. 13Níl uaim bheith éadrom ar dhaoine eile agus trom oraibhse, 14ach a dhéanamh cothrom anois, bhur bhflúirse ag comhlíonadh a riachtanais, ionas go gcomhlíonfaidh a bhflúirsesean bhur riachtanas amach anseo, go dtí go mbeidh sibh cothrom le chéile. 15Mar atá scríofa, “An té a bhailigh mórán ní raibh fullleach ina dhiaidh, agus an té a bhailigh beagán ní raibh aon easpa air.”
16Ach altú do Dhia a bhog croí Thítuis, ar chaoi go bhfuil sibh chomh cúramach aigesean agus agamsa. 17Ní hamháin gur dheonaigh sé lenár n-achainí, ach tá fonn mór air dul chugaibh uaidh féin. 18Agus táimid ag cur chugaibh in éineacht leis an bráthair sin a bhfuil a chlú i mbéal na n-eaglaisí uile de gheall ar an dóigh a mbíonn an soiscéal á sheanmhóireacht aige; 19agus lena chois sin, is é atá ceap-aithe ag na heaglaisí le bheith ina chomhthaistealaí linn san obair ghrádiaúil sin atá á déanamh againn, le glóir Dé a mhéadú agus lenár ndea-mhéin féin a thaispeáint. 20Ní toil liom go mbeadh aon locht le fáil ag aon duine orainn i dtaobh an bhronntanais fhéil sin atá á chur i bhfeidhm againn, 21mar is mian linn fiúntas a dhéanamh ní hamháin i súile an Tiarna ach i súile na ndaoine. 22Agus maraon leo siúd táimid ag cur an bhráthar sin chugaibh ar fhéachamar a dhúthracht go minic i mórán gnóthaí, agus ar mhóide a dhúthracht de bharr a mhórmhuiníne asaibhse. 23Maidir le Títus, is é mo chomrádaí agus mo chomhoibritheoir é ag freastal oraibh, agus maidir lenár mbráithre, is iad atá ina dteachtairí ó na heaglaisí, agus ina nglóir do Chríost. 24Fágaim fúibh é mar sin a thaispeáint os comhair na n-eaglaisí go bhfuil grá in bhur gcroíthe, agus gur fíor dom ag maíomh fúibh leis na fir seo.

Currently Selected:

2 Coraintigh 8: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in