2 Coraintigh 7
7
1Agus ós rud é go bhfuil na gealltanais seo tugtha dúinn, a lucht na páirte, bímis dár nglanadh féin ón uile shalachar coirp agus anama, agus dár naomhú féin go hiomlán gan easpa in uamhan Dé.
2Déanaigí fairsingeacht in bhur gcroíthe dúinn; níl sé le rá ag aon duine agaibh go ndearnamar a éagóir ná a aimhleas, nó gur mheallamar é. 3Ní hé sin le rá go bhfuil aon locht le fáil agam oraibh, ó mar a dúirt mé roimhe seo, tá sibh i mo chroí le bheith le chéile i mbeatha agus i mbás. 4Bíonn muinín mhór agam asaibh; agus bród mór orm asaibh; agus mo chroí lán de shólás. Dá mhéid ár leatrom, bím lán de lúcháir.
5Go fiú nuair a bhí an Mhacadóin sroichte againn, ní raibh aon suaimhneas coirp le fáil againn, ach crá agus corraí—an troid á cur amuigh agus an eagla ag creimneach istigh. 6Ach ó tógann Dia an cumha, thóg sé dínn é le teacht Thítuis, 7agus ní hamháin lena theacht ach leis an sólás a bhí aige uaibh, ag tosú agus á insint faoin gcumha a bhí oraibh i mo dhiaidh, faoin mbrón a bhí oraibh, faoin mbá a bhí agaibh liom, ar nós a chuir go mór le mo lúcháir. 8Á chur i gcás féin gur chuir mo litir brón oraibh, níl aon aiféala orm anois (cé go raibh aiféala orm) mar feicim anois nár chuir an litir úd brón oraibh ach seal tamaill. 9Agus mar atá anois, ní brón ach lúcháir atá orm, ní as an mbrón a bhí oraibh, ach as an aithrí a bhí mar thoradh ar an mbrón sin; mar ba dhiaganta dhea-chráifeach an brón é, nárbh aon dochar daoibh é sinne á chur oraibh. 10Ní fhágann an dea-bhrón diaganta aon chúis aiféala ina dhiaidh, ó tagann an aithrí as, a chuireas duine ar shlí a shlánaithe, ach is ábhar báis agus buanéaga an brón suarach saolta. 11Nach léir daoibh an dúthracht a bhí ionaibh de bharr an dea-bhróin dhiaganta sin, an dúil a bhí oraibh le bhur nglanadh féin ó choir, an díomá, an dianeagla, an cumha, an díograis, agus an pionós a chuir sibh oraibh féin? Tá sé cruthaithe agaibh nach bhfuil sibh san éagóir in aon phointe den chúis sin. 12Má scríobh mé chugaibh, ní dhearna mé é de gheall ar an té a rinne an éagóir, ná de gheall ar an té a dʼfhulaing í, ach i dtreo is go bhfoilseofaí i súile Dé chomh dílis dúthrachtach agus atá sibh dom. 13Bíonn sin mar shólás dár gcroí mar sin.
Agus mar bharr ar an sólás a bhí orainn féin bhí lúcháir ba mhó ná sin orainn nuair a chonaiceamar an lúcháir a bhí ar Thítus, ó bhí sibh uile le chéile tar éis an imní a thógáil dá intinn. 14Má bhí mórtas ar bith déanta agam leis asaibh, níorbh aon ábhar náire dom é; ach mar a fíoraíodh gach uile fhocal a chanamar libh, is amhlaidh a fíoraíodh ár maíomh os comhair Thítuis. 15Agus is móide a théas a chroí libh, nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh dó, agus an fháilte chritheaglach a chuir sibh roimhe. 16Bíonn lúcháir orm, mar tá lán-mhuinín agam asaibh.
Currently Selected:
2 Coraintigh 7: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland