YouVersion Logo
Search Icon

2 Coraintigh 9

9
1Bheadh sé iomarcach agam anois bheith ag scríobh chugaibh i dtaobh na hofrála le haghaidh na naomh, 2mar is feasach dom bhur dtoilteanas, a mbím ag maíomh as le muintir na Macadóine, ag rá leo go bhfuil Acáia réidh ullamh ó anuraidh; agus dhúisigh sampla bhur ndúthrachta an mhórchuid acu. 3Ní lúide táim ag cur na mbráithre chugaibh ionas go gcruthófar sa chás seo nárbh fholamh é ár maíomh, agus ionas go mbeidh sibh réidh, mar a dúirt mé a bheadh sibh; 4ar eagla go dtiocfadh cuid de na Macadóinigh oraibh liom, agus nach mbeadh sibh réidh ina gcoinne, agus go mbeadh náire agus ceann faoi ormsa— gan sibhse a chur san áireamh—as méid ár muiníne. 5Mheas mé mar sin gur ceart iarraidh ar na bráithre bheith ar a dtriall chugaibh romham, agus socrú roimh ré i dtaobh an bhronntanais atá geallta agaibh, ionas nach mbeidh sé á fháscadh asaibh le héigean, ach á bhronnadh go fonnmhar agaibh.
6Seo é! an té a chuireas go gann, is gann a bhainfidh sé, ach an té a chuireas a shíol go fairsing bainfidh sé fómhar fial fairsing. 7Caithfidh gach duine déanamh mar atá socraithe aige ina intinn, gan bheith á tharraingt in aghaidh a chos dá mhíle ainneoin, ó nach bhfuil ní ann is fearr le Dia ná féile agus flaithiúlacht. 8Féadann Dia fós gach sochar a sholáthar daoibh go fairsing, i dtreo is go mbeidh sibh go súgach sách, agus go mbeidh fuílleach is fairsinge le haghaidh dea-oibreacha. 9Mar atá scríofa,
“Bíonn sé ag scaipeadh a mhaoine, á bronnadh ar bhoicht
Dé; maireann a fhíréantacht go brách.”
10An té a sholáthraíos an síol don síoladóir agus an t-arán do lucht a chaite, méadóidh sé an síol a chuirfeas sibh agus cuirfidh sé fás i bhfómhar bhur bhfíréantachta. 11Beidh saibhreas agaibh de bharr bhur bhféile, agus buíochas á thabhairt do Dhia air trínne; 12mar is obair í sin a riaras ar riachtanais na naomh agus a bhíos ina cúis freisin le mórán buíochais a bheith á thabhairt do Dhia. 13Obair í a chuirfeas féachaint oraibh, ina dtabharfaidh sibh glóir do Dhia ag umhlú agus ag aontú do shoiscéal Chríost, agus ag roinnt chomh fial flaithiúil sin leo siúd agus le daoine nach iad; 14agus téifidh a gcroíthesean libh agus beidh siad ag guí ar bhur son, ar dhoirt Dia a ghnaoi oraibh. 15Míle altú do Dhia ar a thíolacadh nach bhfuil insint bhéil air!

Currently Selected:

2 Coraintigh 9: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in