2 Coraintigh 6
6
1Bímid mar sin ag comhoibriú leis, ag impí oraibh gan glacadh le grásta Dé ar neamhthoradh. 2Deir sé,
“Is in uair na faille a dʼéist mé leat,
chabhraigh mé leat i lá an tslánaithe.”
Seo agaibh anois uair na faille, anois lá an tslánaithe! 3Ní chuirimid toirmeasc ar aon duine, ar eagla go gcuirtí an milleán orainn mar fhreastalaithe, 4ach ag déanamh ár ndíchill ar gach dóigh le bheith inár seirbhísigh inmholta ag Dia: le méid ár ndo-chloíteachta, in angar agus in anró agus i mí-ádh, 5faoi thrombhuillí agus faoi bhraighdeanas, faoi ionsaithe ón daoscarshlua, le tromshaothar agus le heaspa codlata agus le hocras; 6le glaine chroí, agus le heolas agus le foighne agus le cineáltas, agus leis an Spiorad Naomh agus le dílseacht ár ngrá, 7agus le fírinne ár mbria-thair agus le cumhacht Dé; le hairm an fhir fhíréin don láimh dheas agus don láimh chlé; 8má thugtar onóir nó easonóir dúinn, dár moladh nó dár gcáineadh. Meastar inár mealltóirí sinn agus an fhírinne againn; 9is daoine gan suim sinn a bhfuil clú mór orainn; bímid ag saothrú an bháis agus sinne beo beathach; cuirtear smacht orainn gan ár gcur chun báis; 10gnúis bhrónach orainn agus lúcháir inár gcroíthe; cuma na bochtaineachta orainn a bhronnas saibhreas ar mhórán; gan bonn rua againn agus an saol mór inár seilbh.
11Is libh, a Choraintigh, a scaoileamar ár mbéal, agus dʼosclaíomar amach siar ár gcroí. 12Níl sinne ag cur coisc oraibh, is iad bhur gcroíthe féin atá ag cur coisc oraibh. 13Ach ná fágaigí an chomaoin sin gan chúiteamh—táim ag labhairt mar a labhróinn le páistí—osclaígí bhur gcroíthe amach liom freisin.
14Ná gabhaigí faoi chuing mhíchothrom caidrimh le lucht gan chreideamh. Cad é mar a rachadh an choir agus an éagóir i gcomhar le chéile? Nó cad é an cumann a bheadh ann idir an solas agus an dorchadas? 15Cad é mar a thioc-faidh Críost agus Bélial le chéile? Conas ab ionann tréithe an chreidmhigh agus an díchreidmhigh? 16Nó an bhfuil na híola ag cur le teampall Dé? Is é atá ionainne, teampall Dé bhí; mar atá ráite ag Dia,
“Beidh mé ag maireachtáil iontu agus ag gluaiseacht amach ina measc,
agus beidh mise i mo Dhia acu,
agus beidh siadsan ina bpobal agam.
17Dá bhrí sin tagaigí amach as a measc,
agus scaraigí sibh féin amach uathu, deir an Tiarna,
agus ná bíodh baint agaibh le haon ní neamhghlan;
fearfaidh mé fáilte romhaibh ansin,
18agus tabharfaidh mé aire an athar daoibh,
agus beidh sibh mar chlann mhac agus iníonacha agam,
is é a deir Tiarna na gcumhachtaí libh.”
Currently Selected:
2 Coraintigh 6: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland