Dá bhrí sin tagaigí amach as a measc,
agus scaraigí sibh féin amach uathu, deir an Tiarna,
agus ná bíodh baint agaibh le haon ní neamhghlan;
fearfaidh mé fáilte romhaibh ansin,
agus tabharfaidh mé aire an athar daoibh,
agus beidh sibh mar chlann mhac agus iníonacha agam,
is é a deir Tiarna na gcumhachtaí libh.”