1
2 Coraintigh 4:18
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
ó nach n-amharcaimid ar na nithe so-fheicthe ach ar na nithe dofheicthe; ó nach maireann na nithe so-fheicthe ach seal, ach gur síoraí buan iad na nithe dofheicthe.
Compare
Explore 2 Coraintigh 4:18
2
2 Coraintigh 4:16-17
Ní aon ábhar beagmhisnigh dúinn é sin. Siúd is go bhfuil an duine atá ar an taobh amuigh á chaitheamh, bíonn an duine atá ar an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá. Bíonn an t-angar éadrom sealadach seo ann lenár n-ullmhú i gcomhair tromthomhas glóire a chuaigh as méid gan chomórtas
Explore 2 Coraintigh 4:16-17
3
2 Coraintigh 4:8-9
Bítear ár mbuairéamh ar gach dóigh gan ár mbascadh; bíonn dalladh ar ár n-aigne gan chailleadh dóchais; cuirtear an tóir orainn ach ní dhéantar ár dtréigean; treascartha ach ní scriostar sinn
Explore 2 Coraintigh 4:8-9
4
2 Coraintigh 4:7
Ach bíonn an tseoid sin á taisceadh againn i soithigh créafóige, go mba léir nach linne ach le Dia an chumhacht is airde.
Explore 2 Coraintigh 4:7
5
2 Coraintigh 4:4
Lucht an dí-chreidimh iad, ar dhall dia beag an tsaoil seo a n-intinn, ar chaoi nach bhfaigheann siad aon amharc ar sholas shois-céalghlóir Chríost, íomhá Dé.
Explore 2 Coraintigh 4:4
6
2 Coraintigh 4:6
Mar is é an Dia a dúirt, “Soilsíodh an solas ar an dorchadas,” a las a sholas inár gcroíthe, solas eolais ar ghlóir Dé i ngnúis Íosa Críost.
Explore 2 Coraintigh 4:6