2 Coraintigh 13
13
1Seo an tríú huair dom ag teacht chugaibh. Caithfidh gach cúis a bheith bunaithe ar fhianaise ó bhéal beirte nó triúir. 2Thug mé rabhadh ní hamháin don dream a rinne an peaca roimhe ach don iomlán agaibh, agus tugaim rabhadh dóibh agus mé as láthair anois, mar a thug mé an rabhadh eile lena mbéal ar mo dhara cuairt, á rá nach mbeidh trua ná trócaire agam dóibh— 3ó bíonn sibh ag iarraidh cruthúnas a fháil uaim go mbíonn Críost ag labhairt as mo bhéal. Ní lagbhríoch é ach cumhachtach ionaibh a mbíonn á dhéanamh aige in bhur measc. 4Céasadh é ina laige, ach maireann sé beo le cumhacht Dé. Dá laige sinne ann, nuair a bhímid ag plé libhse, beimid beo ann le cumhachtaí Dé. 5Cuirigí scrúdú coinsiasa oraibh féin, go bhfeiefidh sibh an bhfuil sibh ag seasamh le bhur gcreideamh. Cuirigí féachaint oraibh féin. Nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost i láthair ionaibh?—murar chlis anfhéachaint oraibh! 6Tá dóchas agam go n-aithneoidh sibh nár chlis sé orainne. 7Ach táimid ag guí Dé gan ligean daoibh aon ole a dhéanamh—agus ní le fonn sinne a bheith sa cheart, ach le fonn go mbeidh sibhse ag déanamh mar is cóir, bíodh go mbeidh cuma orainne gur theip orainn. 8Mar ní féidir linn aon ghníomh a dhéanamh in aghaidh na fírinne, ach ar a son. 9Is ábhar lúcháire ár laige ach sibhse a bheith láidir. Bímid ag guí go mbeidh dea-eagar oraibh. 10Táim á scríobh seo agus mé as láthair, ionas nach mbeidh feidhm orm, nuair a thioefas mé, bheith ró-ghéar oraibh leis an gcumhacht seo a bhronn an Tiarna orm chun an tslánaithe agus ní chun an scriosta.
11Fágaim slán agus beannacht agaibh ar deireadh, a bhráithre. Cuirigí dea-eagar ar bhur mbeatha, agus glacaigí le mo chomhairle, bigí ar aon intinn agus i síocháin le chéile, agus beidh Dia na síochána agus an ghrá ag cuidiú libh. 12Tugaigí fáilte roimh a chéile le póg naofa. 13Cuireann na naoimh uile a mbeannacht chugaibh.
14Grásta an Tiarna Íosa Chríost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh go raibh agaibh uile go léir.
Currently Selected:
2 Coraintigh 13: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland