YouVersion Logo
Search Icon

2 Coraintigh 12

12
1Tá orm maíomh, níl aon tairbhe ann, ach tráchtfaidh mé anois ar fhíseanna agus ar fhoilsithe ón Tiarna. 2Tá aithne i gCríost agam ar an bhfear a ardaíodh ceithre bliana déag ó shin go dtí an tríú neamh—níl fhios agam, ag Dia atá fhios, cé acu sa cholainn nó as an gcolainn dó. 3Ach ta fhios agam gur ardaíodh an fear sin go Parthas Dé—níl fhios agam ach tá fhios ag Dia, cé acu sa cholainn nó as an gcolainn dó, 4agus chuala sé nithe ansin nach bhfuil insint bhéil orthu ná cead ag duine a nochtadh. 5Beidh mé ag maíomh as an duine sin cé nach mbeidh asam féin, ach amháin as mo laige. 6Siúd is nach ndéanfaidh mé amadán díom féin ag maíomh as, ó nach mbeidh á insint agam ach lomchnámh na fírinne. Ach fanfaidh mé i mo thost, ar eagla meas iomarcach thar a bhfuil le feiceáil ionam nó le cluinstin uaim a bheith ag aon duine orm. 7Agus de gheall ar mé a choinneáil ó bheith ró-ardmheanmnach as méid na bhfís-eanna, bronnadh dealg i mbeo orm, a bhí mar theachtaire ó Shátan, do mo chrá, le mo choinneáil ó bheith ró-thógtha. 8Chuir mé dʼimpí ar an Tiarna trí huaire í a thógáil díom; 9ach is é a dúirt sé liom mar fhreagra, “Is leor duit mo ghrástasa, ó comhlíontar mo chumhacht sa laige”. Is móide é mʼfhonn mar sin bheith ag maíomh as mo laige, ionas go mbeidh cumhacht Chríost ag fanacht agam. 10Agus táim sásta, as ucht Chríost, le laige brí, agus le hachasáin, agus le hangar, agus le géarleanúint, agus le sáinn; ó nach láidreacht ann go dtí mo laige.
11Rinne mé amadán díom féin! Sibhse ba chiontach leis, nár thug mo dhíol molta dom. Níl mé aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha úd, cé gur duine gan iomrá mé. 12Bhíodh comharthaí fíor-aspail le feiceáil in bhur measc le mórfhoighne, agus le míorúiltí agus le hiontais agus le mórfhearta Dé. 13Cad é an pointe ina raibh sibh ag deireadh le taobh na n-eaglaisí eile ach seo amháin—nach raibh mise i mʼualach oraibh? Maithigí an éagóir sin dom! 14Seo anois an tríú huair dom ag ullmhú le teacht chugaibh. Agus ní bheidh mé i mʼualach oraibh. Ní bhur gcuid ach bhur gcion atá uaim; ó nach ceart don chlann soláthar dá dtuismitheoirí, ach na tuismitheoirí don chlann. 15Beidh áthas orm mo chuid agus mé féin a chaitheamh mar mhaithe le leas bhur n-anamacha. An lúide bhur ngrá dom dá mhéid mo ghrá daoibh? 16Ach á ligean liom nárbh aon ualach oraibh mé, deir sibh gur chuir mé an cluiche oraibh agus go raibh mé ró-chliste agaibh. 17Ach cogar mé seo libh, an bhfuair mé aon bhuntáiste oraibh le duine ar bith dár chuir mé chugaibh? 18Dʼiarr mé ar Thítus dul chugaibh, agus chuir mé an bráthair eile in éineacht leis. Ar bhain Titus leas asaibh? Nárbh ionann sprid dúinn? Nár shiúlamar ar an gcosán céanna?
19An é gur shíl sibh i rith an ama nach rabhamar ach ag cosaint ár gclú oraibh? Ach, a dhaoine na páirte, is ag labhairt i láthair Dé agus ár n-anam i gCríost a bhíomar, ag iarraidh sibh a chur ar bhealach bhur leasa. 20Mar is mór é mʼeagla go bhféadfainn teacht oraibh, agus go mbeinn míshásta libh, agus go mbeadh sibh míshásta liom ansin; dá mbeadh troid agus éad agus fearg agus coimhlint agus athiomrá agus béadán agus éirí in airde agus mí-eagar ann. 21Tá eagla orm nuair a thiocfas mé athuair go mbeidh mo Dhia do mʼísliú romhaibh, agus go gcaithfidh mé bheith ag mairgneach os cionn an mhéid agaibh a bhfuil peaca orthu cheana gan aithreachas orthu faoina mígheanm-naíocht agus a ndrúis agus a ndrabhlás a bhi mar leannáin peacaí orthu.

Currently Selected:

2 Coraintigh 12: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in