Galátaigh 1
1
1Mise Pól atá im aspal—ach ní ó dhaoine ná trí dhaoine, ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó na mairbh é— 2mise agus na bráithre uile atá liom.
Ag beannú dʼEaglaisí Ghalátia:
3Guímid grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost 4a thug é féin suas in éiric ár bpeacaí ionas go saorfadh sé sinn ón aois seo an oilc atá i láthair, do réir thoil ár nDé agus ár nAthar; 5go raibh glóir dó ar feadh saol na saol. Áiméan.
6Is iontach liom an deifir sin oraibh ag tabhairt chúl bhur gcinn don té a ghlaoigh sibh i ngrásta Chríost, agus ag tabhairt bhur n-aghaidhe ar shoiscéal eile— 7cé nach ionann sin agus a rá go bhfuil soiscéal eile ann, ó nach bhfuil ann ach dream daoine atá ag tarraingt trioblóide oraibh agus iad ag iarraidh soiscéal Chríost a chur as a riocht. 8Ach má chuirimidne, nó más rud é go gcuireann aingeal as na flaithis soiscéal atá bunoscionn leis an soiscéal a chuireamar os bhur gcomhair roimhe seo, bíodh sé faoi mhallacht. 9An rud atá ráite agam cheana, deirim arís é, is cuma cé hé atá ag seanmóireacht aon soiscéil daoibh atá bunoscionn leis an soiscéal sin ar ghlac sibh leis, is duine é is cóir a mhallachtú.
10Cé acu atá á iarraidh agam anois, gnaoi na ndaoine, nó gnaoi Dé? An ag iarraidh daoine a shásamh atá mé? Dá mbeinn go fóill le daoine a shásamh, ní bheinn i mo sheirbhíseach ag Íosa Críost.
11Mar tugaim le fios daoibh, a bhráithre, nach soiscéal ón duine an soiscéal a bhíodh á sheanmóireacht agam. 12Ní ó dhuine a fuair mé é, ná níor mhúin aon bhéal dom é, ba trí fhoilsiú a tháinig sé chugam ó Íosa Críost. 13Mar chuala sibh iomrá ar mo shaol mar Ghiúdach roimhe seo ar an ngéarleanúint iomarcach a rinne mé ar eaglais Dé agus mé ar mo dhícheall lena scriosadh, 14agus mar rug mé an barr liom sa Ghiúdachas gur beag de lucht mo chomhaoise i mease mo mhuintire féin a bhí inchurtha liom, ar mhéid mo dhúthrachta i dtaobh sean-nósanna mo shinsir. 15Ach bhí an té sin ann a chuir i leataobh ina chomhair féin mé sular tháinig mé ar an saol, an té sin óna bhfuair mé glaoch na ngrást, 16agus san am ar thoiligh sé a Mhac a thaispeáint dom, le bheith á sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, níor iarr mé comhairle san am úd ar fhuil ná ar fheoil, 17ná ní dheachaigh mé suas go hlarúsailéim chuig an dream úd a bhí ina n-aspail romhamsa, ach thug mé an Araib orm féin; agus ansin dʼfhill mé ar an Damaisc arís.
18Ansin, trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hlarúsailéim le cuairt a thabhairt ar Chéfas, agus chaith mé coicís agus lá ina chuideachta. 19Ach níor bhuail mé le haon aspal eile, amach ó Shéamas, deartháir an Tiarna. 20(Níl aon bhréag sa mhéid a bhfuilim á scríobh chugaibh, chomh cinnte agus tá Dia i láthair!) 21Dʼimigh mé liom as sin go dtí críocha na Síre agus Cilicia. 22Agus ní raibh aithne súl orm ag eaglaisí Chríost i nlúdaea; 23ní raibh acu ach an t-iomrá a chluinidís, i. “an té sin a dhéanadh an ghéarleanúint orainn tráth, bíonn sé anois ag seanmóireacht an chreidimh sin ar fhéach sé roimhe sin lena scriosadh.” 24Agus thugadar glóir do Dhia i ngeall orm.
Currently Selected:
Galátaigh 1: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland