2 Coraintigh 11
11
1Ba mhaith liom go n-éistfeadh sibh le beagán amaidí uaim. Ná tógaigí orm é! 2Tá cúis éada chugam ó Dhia, ós mé a thug oraibh lámh is focal a bheith idir sibhse agus Críost le sibh a thoirbhirt dó mar ógh ghlan a rachadh faoi chuing phósta le chéile fir. 3Ach is ró-mhór mʼeagla go n-éireoidh daoibh, dála Éabha, ar mheall an nathair nimhe lena gliceas í, agus go mbeidh bhur smaointe á gcur ar seachrán in áit a mbeith go glan díreach ar Chríost. 4Á chur i gcás go dtagann duine chugaibh agus é ag seanmóireacht Íosa eile nach ionann is an té a bhíodh á sheanmóireacht againn, nó go ngabhann sibh le hathrach spride nach ionann í is an Spiorad sin ar ghlac sibh leis, nó cuirigí i gcás go nglacann sibh le soiscéal eile atá bun os cionn leis an soiscéal atá agaibh cheana, ní bhíonn aon mhoill oraibh ag géilleadh dó. 5Ach dar liom nach bhfuil mé féin aon phioc níos measa ná na haspail ardnósacha seo. 6Má tá nach bhfuil mé cliste le craiceann a chur ar mo scéal, níl mé gan eolas i mo cheann; mar thugamar chun cruinnis daoibh ar dhóigh nó ar dhóigh eile.
7Ar pheaca orm é mʼísliú féin le bhur n-ardú, agus soiscéal Dé á sheanmóireacht agam daoibh saor in asice? 8Rinne mé creach ar eaglaisi eile ag glacadh tuarastail uatha le freastal oraibhse. 9Agus nuair a bhí ganntanas orm agus mé agaibh, ní raibh mé i mʼualach ar aon duine agaibh, ó ba iad na bráithre ón Macadóin a riar ar mo chás. Mar sin ní raibh mé i mʼualach oraibh riamh, agus ní bheidh. 10Chomh cinnte agus atá fírinne Chríost ionam, ní chuirfear tost ar an maíomh sin agam i limistéar Acáia. 11Cad chuige? As siocair gan grá a bheith agam daoibh? Ach tá a fhios ag Dia go bhfuil grá agam daoibh i mo chroí!
12Ach leanfaidh mé orm ar an nós seo, leis an talamh a bhaint faoi chosa an dreama sin a bhíos ag iarraidh iad féin a chur ar aon chéim linne, ós iad a chuaigh i gcomórtas. 13Níl ina macasamhla ach aspail bhréige, agus oibritheoirí gan iontaoibh, a mbíonn ríocht aspal Chríost orthu. 14Níl aon iontas ann, ó bíonn bréagriocht aingil ghil á chur air féin ag Sátan. 15Ní mór mar sin dá sheirbhísighsean cuma sheirbhíseach na fíréantachta a chur orthu féin, a mbeidh an drochchríoch orthu a thuill siad lena ndrochghníomhartha.
16Táim á iarraidh oraibh arís, gan meas amadáin a bheith agaibh orm; agus má tá féin, pardún an amadáin a thabhairt dom, as mórtas a dhéanamh chomh maith le duine. 17(Níl an Tiarna mar údar lena bhfuil le rá agam, ach labhraím mar amadán a chuaigh i muinín an mhórtais ar a mbíonn á dhéanamh aige ar an saol seo, 18bím ag déanamh mórtais freisin). 19Ligeann sibh an scód go soilbhir leis an amadán, ó tá sibh féin in bhur gciall! 20Ligeann sibh do dhuine daoir a dhéanamh díbh, nó creach a dhéanamh oraibh, nó leas a bhaint asaibh, nó gabháil de chosa oraibh, nó bos a bhualadh thar an mbéal oraibh. 21Siúd is gur náireach le rá é, admhaím go rabhamar ró-lag le sin a dhéanamh!
Ach má tá aon ábhar maíte ag aon duine—ós ag labhairt mar amadán atá mé—deirim go bhfuil an t-ábhar sin agam. 22An Eabhraigh iad? Is Comh-Eabhrach leo mé. An Iosraelítigh iad? Is amhlaidh mise freisin. An de shliocht Abrachaim iad? Is de mé féin leo. 23An bhfuil siad ina seirbhísigh ag Críost? Is fearr i bhfad an tseirbhís atá déanta dó agamsa—caint mhire é—ar mhéid is a rinne mé de shaothar, agus a dʼfhulaing mé de théarmaí príosún-tachta, agus de sciúrsála, go raibh mé go minic i mbaol báis. 24Fuair mé faoi chúig an daichead lasc ach aon lasc amháin ó na Giúdaigh. 25Buaileadh faoi thrí le slata mé; gabhadh de chlocha orm uair amháin. Tharla longbhriseadh dom trí huaire; chaith mé oíche agus lá sa sáile; 26ba mhinic mé ar aistear, i mbaol ó aibhneacha, i mbaol bithiúnach, i mbaol lucht mo chomhchine, i mbaol ó na Gintlithe, i mbaol i gcathracha, i mbaol ar an bhfásach, i mbaol ar an bhfarraige, i mbaol ag bráithre bréige; 27faoi thromshaothar agus faoi dhua, go minic gan néal san oíche, faoi ocras agus faoi thart, gan greim agam le n-ithe go minic, faoi shioc agus faoi shíon. 28Agus, leis an gcuid eile a fhágáil as an áireamh, bíonn an imní a bhíos orm faoi na heaglaisí uile ag titim ina ualach orm gach uile lá. 29Cé tá i laige nach bhfuil mé i laige leis? Cé a mbaintear barrthuisle as nach gcuireann corraí orm?
30Má tá orm maíomh, beidh mé ag maíomh as comharthaí mo laige. 31Tá a fhios ag Dia, Athair mo Thiarna Íosa, moladh go deo leis, nach bhfuil mé bréagach. 32Bhí uach-tarán an Rí Aretus ag cur a chuid coimeádaithe ar gheataí na Damaisce le breith orm, 33murabh é gur ligeadh anuas mé i gciseán cléibhe as fuinneog i mbéal an bhalla, gur tháinig mé slán as a chrúba.
Currently Selected:
2 Coraintigh 11: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland