YouVersion Logo
Search Icon

1 Timótéus 5

5
1Ná tabhair achasán dʼfhear is sine ná tú féin, ach ag cur comhairle air mar a dhéanfadh mac le hathair; bíodh na fir is óige ná tú féin mar dheartháireacha agat, 2agus na mná is sine mar mháithreacha, agus na mná óga mar dheirfiúracha, go glan geanmnaí ar fad.
3Tabhair onóir do na baintreacha atá ina mbaintreacha dáiríre. 4Má bhíonn clann nó clann clainne ag baintreach, bíodh orthu ar dtús foghlaim gur den chreideamh a ndualgas a dhéanamh dá dteaghlach féin agus an chomaoin a chuir a dtuismitheoirí orthu a chúiteamh; ós taitneamhach sin i súile Dé. 5Baintreach dháiríre atá sa bhean sin a fhágtar ina haonar, agus a mbíonn a dóchas aici as Dia, agus í ag guí agus ag cur impí ar Dhia oíche aguslá; 6ach an bhean nach gceileann aon sásamh uirthi féin is marbh cheana í siúd is go bhfuil sí beo. 7Bí á fhógairt seo, ionas nach mbeidh locht le fáil orthu. 8An té nach soláthraíonn riar a gcáis dá lucht gaoil, agus go háirithe do lucht a theaghlaigh féin, shéan sé an creideamh agus is measa ná díchreidmheach é.
9Cláraítear baintreach má tá sí i mbun a seasca bliain dʼaois ar a laghad, agus í i ndiaidh bheith ina céile don t-aon fhear amháin; 10agus caithfidh teastas maith a bheith aici ar a dea-ghníomhartha, mar bhean a thug oiliúint do chlann, agus dídean do strainséirí, a níodh cosa na naomh, agus a dʼfhóir ar lucht na hainnise, agus í go dícheallach le leas a dhéanamh ar gach dóigh. 11Ach diúltaígí na baintreacha óga a chlárú; mar bíonn fonn pósta orthu nuair a théas siad i macnas in éadan Chríost, 12agus is dubh ar a n-anamacha é a gcéad mhóid a shárú. 13Agus lena chois sin, bíonn siad ag foghlaim falsachta, agus iad ag bothántaíocht, agus iad ní hamháin ina bhfalsóirí ach ina nglagairí cúlchainteacha, ag rá nithe nár choir dóibh a rá. 14Dá bhrí sin de, dʼiarrfainn ar na baintreacha óga bheith ag pósadh agus ag iompar clainne agus ag rialú a dteaghlach, gan aon fhaill fhonóide a thabhairt don áibhirseoir. 15Mar tá cuid acu ann a chuaigh ar seachrán i ndiaidh Shátain. 16Má tá aon bhean ann a bhfuil creideamh aici agus baintreacha ar a daoine muinteartha, cuidíodh sise leo; ná bídís ina n-ualach ar an eaglais, ionas go gcuidí an eaglais leis na fíorbhaintreacha.
17Bíodh sé á mheas gur fiú an dá oiread onóra iad na cruifreacha úd a bhíos ina ndea-rialtóirí, go háirithe an méid a chuireas saothar orthu féin ag seanmóireacht agus ag teagasc; 18mar a deir an scrioptúr, “Ná cuir féastrach leis an damh a mbíonn a chosa ag bualadh an arbhair,” agus, “Is fiú an t-oibrí a thuarastal.” 19Ná glac le gearán in aghaidh cruifreach ach ar fhianaise beirte nó triúir. 20Ach an dream a bhíos leanúnach ina bpeaca, tabhair achasán dóibh i láthair an tslua, ionas go mbeidh eagla ar an gcuid eile. 21Is os comhair Dé agus os comhair Íosa Críost agus os comhair na ndea-aingeal a chuirim ort na rialacha seo a choinneáil gan claonadh le taobh ar bith, ná rud ar bith a dhéanamh atá éagothrom. 22Ná leag lámh i dtobainne ar aon duine, agus ná bíodh páirt agat i bpeaca na comharsan; coinnigh glan thú féin.
23Ná bí gan aon ní a ól ach an t-uisce feasta, ach bíodh braon den fhíon agat mar mhaithe le do ghoile agus na heasláintí a bhíos ort chomh minic sin.
24Tá siad ann a mbíonn a gcuid peacaí soiléir sofheicthe, ag tarraingt ar an mbreithiúnas, agus daoine eile ann nach nochtar a bpeacaí go dtí lá is faide anonn. 25Is soiléir sofheicthe iad na dea-ghníomhartha freisin; agus mura mbíonn, ní fhéadfar a gcoinneáil ceilte i gcónaí.

Currently Selected:

1 Timótéus 5: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in