YouVersion Logo
Search Icon

1 Timótéus 4

4
1Ach tá an Spiorad á rá go soiléir go mbeidh daoine ann amach anseo a shéanfas an creideamh le haird a thabhairt ar spridí cluana agus ar theagasc deamhan, 2trí fhimínteacht bréagairi a bhfuil a gcoinsias seargtha scallta, 3a chrosas ar dhaoine pósadh agus a ordaíos dóibh staonadh ó chineálacha bia a chruthaigh Dia ionas go nglaca an dream creidmheach, a bhfuil fios na fírinne acu, leo go buíoch beannachtach. 4Óir is maith gach ní dár chruthaigh Dia, agus ní ceart diúltú dʼaon ní ar glacadh leis le haltú buíochais; 5mar coisrictear ansin é le briathar Dé agus le hurnaí.
6Má chuireann tú na rialacha seo roimh na bráithre, beidh tú i do dhea-fhreastalaí ag Íosa Críost, a oileadh i mbriathar an chreidimh agus sa dea-theagasc ar lean tú de. 7Ná bíodh baint ar bith agat le saobhscéalta salacha sean-chailleach. Bí ag cleachtadh cráifeachta; 8siúd is go bhfuil leas beag le baint as lúthchleas corportha, bíonn gach cineál leasa sa chráifeacht, ós féidir sochar a bhaint as don saol seo agus don saol atá le teacht. 9Is iontaofa an ráiteas é ar fiú glacadh go hiomlán leis. 10Mar is chuige sin a bhímid ag cur tromshaothair orainn féin is ag coimh-lint go dian, ó bíonn muinín agam as an Dia beo, atá mar Shlánaitheoir ag an gcine daonna uile, agus go háirithe ag lucht an chreidimh.
11Bíodh na nithe seo á n-ordú agus á dteagasc agat. 12Ná lig dʼaon duine bheith beag beann ar dʼóige, ach tabhair dea-shampla do lucht an chreidimh i do chaint agus i dʼiompar, i do ghrá, i do chreideamh agus i do gheanm-naíocht. 13Go dtí go dtaga mise, tabhair tusa aire do léitheoireacht phoiblí an scrioptúir, don tseanmóireacht agus don teagasc. 14Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat a tugadh duit ó thairngreacht fáidh nuair a leag na cruifreacha a lámha ort. 15Cleacht na dualgais seo agus bí dúthrachtach iontu, chun go mba léir don saol an dul chun cinn atá déanta agat. 16Bíodh aire agat ort féin agus ar do theagasc; coinnigh greim daingean air, mar má dhéanann tú amhlaidh, slánóidh tú thú féin agus a n-éisteann leat.

Currently Selected:

1 Timótéus 4: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in