YouVersion Logo
Search Icon

1 Timótéus 6

6
1Bíodh a bhfuil faoi chuing na daoirse ag meas gur fiú a máistrí a n-onórú, ionas nach gcuirfí míchlú ar ainm Dé ná ar ár dteagasc. 2Ná bíodh an méid acu a mbíonn creidmhigh ina máistrí orthu easurramach dóibh as siocair iad a bheith mar bhráithre acu; go mba mhóide a dhéan-faidís a bhfreastal ós do chreidmhigh is ansa leo a théas sé ar sochar.
Bíodh na dualgais seo á dteagasc agus á moladh go dian agat. 3Má bhíonn athrach teagaisc ag aon duine, nach gcuireann le briathra folláine ár dTiarna Íosa Críost agus leis an dea-theagasc diaganta, 4tá sé séidte le huabhar, gan fios aon ní aige; bíonn dúil chráite aige i ndíospóireacht agus i mbriatharchathanna, nach mbíonn de thoradh orthu ach éad agus achrann agus ithiomrá agus drochamhras, 5agus imreasán an dreama a bhfuil a n-intinn truaillithe agus an fhírinne ceilte orthu, ag meas nach bhfuil sa chráifeacht ach deis le hairgead a ghnóthú. 6Agus ar ndóigh bíonn mórán le gnóthú leis an gcráifeacht ach bheith sóch sásta; 7mar níor thugamar aon ní isteach ar an domhan seo linn, agus ní féidir linn aon ní a bhreith linn as; 8ach go mba leor linn é bia agus éadaí a bheith againn. 9Ach an dream atá ag dréim le bheith saibhir, tagann na cathuithe orthu agus téann siad i ndol, agus tagann mórán ainmhianta amaideacha aimhleasta orthu a tharraingíos daoine síos chun a gcreachta agus a gcaillte. 10Mar is í saint an airgid fréamh gach oilc; agus is í an dúil a bhí acu ann a thug ar mhórán dul ar seachrán ón gcreideamh agus isiomaí arraing a chuaigh trína gcroíthe.
11Ach fan tusa amach as seo uile, a dhuine is le Dia; bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an diagantacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an tseasmhacht, ar an gcneastacht. 12Cuir dea-chath an chreidimh; faigh seilbh ar an mbeatha shíoraí a bhfuair tú cuireadh chuici nuair a dʼadmhaigh tú an dea-admháil os comhair mórán finnéithe. 13Is os comhair Dé a bhronnas beatha ar a bhfuil ann, agus os comhair Íosa Críost a rinne an dea-admháil san fhianaise a thug sé os coinne Phointias Píoláid, 14a iarraim ort an aithne a choinneáil gan sárú gan smál go dtí nochtadh ár dTiama Íosa Críost; 15a bheas á thaispeáint in am agus in uair ag an aon Ardfhlaith beannaithe, Ardrí na ríthe agus Ardtiarna na dtiarnaí, 16is é amháin a mhaireas go buan gan bhás sa solas doshroichte, nach bhfaca aon duine riamh é agus nach bhféadann aon duine a fheiceáil. Go raibh onóir agus tiarnas síoraí aige. Áiméan.
17Maidir le lucht saibhris an tsaoil seo, mol dóibh gan bheith uaibhreach, ná a ndóchas a chrochadh as saibhreas neamh-iontaofa ach as Dia a bhíos ag soláthar dúinn na nithe uile a mbainimid só astu. 18Tá orthu an mhaith a dhéanamh, agus bheith saibhir i ndea-oibreacha, agus féile agus flaithiúlacht a chleachtadh, 19mar is amhlaidh a chuirfeas siad i dtaisce an ní a bheidh mar bhun maith leo san am a thiocfas, agus is mar sin a ghlacfaidh siad seilbh ar an mbeatha shíoraí.
20A Thimótéus, bí ag coimeád ar taobhaíodh leat. Fan amach ó bhaothchaint bhéalscaoilte agus ó chodarsnacht na heagnaíochta bréagaí, 21mar tá siad ann a chuaigh ina cionn agus a scaoil an creideamh tharstu.
Go raibh an grásta agaibh agus libh.

Currently Selected:

1 Timótéus 6: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in