YouVersion Logo
Search Icon

1 Timótéus 3

3
1Is cinnte an ráiteas é: an té a thnúthas le bheith ina easpag bíonn saint chun dea-oibre air. 2Caithfidh anois an t-easpag bheith gan locht, gan ach aon chéile mná amháin a bheith aige, bheith stuama, céillí, maorga, flaithiúil, go maith ag teagasc, 3gan bheith ina phótaire ná tugtha don láimh láidir, ach cneasta, gan bheith achrannach, ná dúil a bheith aige san airgead. 4Caithfidh sé a theaghlach féin a ordú go maith, agus urraim a bheith ag a chlann óg dó agus smacht a bheith aige orthu. 5Mar mura bhféadann duine bheith mar cheann urra ina theach féin, conas a bheadh cúram eaglaise air? 6Is fearr dó gan bheith ina nuachreidmheach, ar eagla go líonfaí le huabhar é agus go dtabharfaí an breithiúnas air a tugadh ar an diabhal. 7Agus caithfidh sé meas na n-eachtrannach a thuilleamh ar eagla go dtitfeadh sé faoi achasán agus go gcuirfeadh an diabhal dol roimhe.
8Caithfidh na déagánaigh mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach ná tugtha don fhíon, ná dúil a bheith acu san airgead; 9ach rúndiamhair an chreidimh a bheith acu le coinsias glan. 10Agus déantar a scrúdú an chéad uair; agus má fhaightear gan locht iad bíodh siad ina ndéagánaigh. 11Caithfidh na mná mar an gcéanna bheith staidéartha, gan bheith béadánach, ach stuama agus iontaofa san uile ní. 12Ná bíodh ag na déagánaigh ach aon bhanchéile amháin, agus bíodh eagar maith acu ar a gclann agus ar a dteaghlaigh; 13mar an méid a chruthaíos go maith mar dhéagánaigh gnóthaíonn siad céim mhaith sa saol agus muinín mhór as creideamh in Íosa Críost.
14Tá mar dhóchas agam teacht chugaibh gan mhoill, ach táim ag scríobh chugat á fhógairt sin ort ionas 15go mbeidh fhios agat, má bhíonn moill orm, cad é mar is cóir do dhuine é féin a iompar i dteaghlach Dé, ós í eaglais an Dé bhí í, bábhún agus crann taca na fírinne. 16Agus caithfear a admháil gur mór í rúndiamhair ár gcrábhaidh:
nochtadh i gcolainn é,
fíoraíodh sa Spiorad é,
chonaic na haingil é,
fógraíodh i mease na gciníocha é,
creideadh ann ar fud na cruinne,
ardaíodh i nglóir é.

Currently Selected:

1 Timótéus 3: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in