YouVersion Logo
Search Icon

1 Timótéus 2

2
1Iarraim oraibh mar sin ar dtús bheith ag déanamh achainíocha agus urnaithe agus idirghuí agus altuithe buíochais ar son an chine dhaonna uile, 2ar son na ríthe agus ar son a bhfuil ard i gcéim, ionas go gcaithfimid ár mbeatha go socair síochánta agus go cráifeach cóir inár mbéasa uile. 3Is maith agus is taitneamhach é sin i súile Dé ár Slánaitheoir, 4ar mian Ieis na daoine go léir a bheith á slánú agus teacht chun eolais na fírinne. 5Mar níl ann ach an t-aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idir-ghabhálaí idir Dia agus daoine, an duine sin Íosa Críost, 6a thoirbhir é féin mar éiric ar son na ndaoine uile, ní ar tugadh fianaise air ina thráth féin. 7Is chuige sin a ceapadh mise i mo sheanmóirí agus i mʼaspal (is í an fhírinne atá á hinsint agam, níl bréag orm), agus mar mhúinteoir creidimh agus fírinne do na Gintlithe.
8Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann; 9agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, 10ach spéis a bheith acu i ndea-oibreacha mar a oireas do mhná a bhfuil ainm na cráifeachta orthu. 11Bíodh an bhean ag foghlaim léi go ciúin socair agus i ag umhlú san uile ní. 12Ní cheadaímse do bhean ar bith bheith ag teagasc ná bheith ceannasach os cionn fear; ach a bheith ina tost. 13Mar is é Ádhamh a múnlaíodh ar dtús, agus Éabha ansin ina dhiaidh; 14agus níor mealladh Ádhamh, ach mealladh an bhean go dtí gur éirigh sí ciontach. 15Ach slánófar i as breith na clainne, má leantar don chreideamh agus don ghrá agus don naofacht maraon leis an modhúlacht.

Currently Selected:

1 Timótéus 2: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in