1
1 Timótéus 2:5-6
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Mar níl ann ach an t-aon Dia amháin, agus níl ann ach an t-aon idir-ghabhálaí idir Dia agus daoine, an duine sin Íosa Críost, a thoirbhir é féin mar éiric ar son na ndaoine uile, ní ar tugadh fianaise air ina thráth féin.
Compare
Explore 1 Timótéus 2:5-6
2
1 Timótéus 2:1-2
Iarraim oraibh mar sin ar dtús bheith ag déanamh achainíocha agus urnaithe agus idirghuí agus altuithe buíochais ar son an chine dhaonna uile, ar son na ríthe agus ar son a bhfuil ard i gcéim, ionas go gcaithfimid ár mbeatha go socair síochánta agus go cráifeach cóir inár mbéasa uile.
Explore 1 Timótéus 2:1-2
3
1 Timótéus 2:8-10
Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann; agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, ach spéis a bheith acu i ndea-oibreacha mar a oireas do mhná a bhfuil ainm na cráifeachta orthu.
Explore 1 Timótéus 2:8-10