1 Coraintigh 6
6
1A chur i gcás go bhfuil cúis casaoide ag duine agaibh in éadan bráthar, an mbíonn sé de dhánacht aige an dlí a chur air os comhair na neamhfhíréan agus ní os comhair na naomh? 2Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaidh na naoimh breithiúnas ar an domhan? Agus más sibh atá le breithiúnas a thabhairt ar an domhan, an é nach bhfuil acmhainn agaibh le mioncheisteanna a mheas? 3Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuilimid le breithiúnas a thabhairt ar aingil? Nach mó go mór nithe a bhaineas leis an saol seo! 4Má bhíonn cásanna den sórt agaibh, cad chuige a gcuireann sibh iad roimh an dream is lú meas san eaglais? 5Cúis náire daoibh sin a bheith le rá agam. An féidir nach bhfuil aon fhear eadraibh a bhfuil eagna go leor aige le breithiúnas a thabhairt idir baill an bhráithreachais, 6agus go mbíonn bráthair ag cur dlí ar a chomhbhráthair, agus sin os comhair dhream an díchreidimh?
7Is díomua daoibh é cúiseanna dlí a bheith agaibh le chéile ar chor ar bith. Cad chuige nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Nárbh fhearr ligean do dhaoine bheith ag breith buntáiste oraibh? 8Ach is sibh féin a bhíos ag imirt éagóra agus ag breith buntáiste agus sin ar bhur gcomhbhráithre féin.
9Nach bhfuil a fhios agaibh nach mbeidh na neamhfhíréin páirteach i ríocht Dé? Ná bíodh breall oraibh; ní bheidh páirt i ríocht Dé ag lucht an oilc, ná lucht adhartha na n-íol, ná ag lucht an adhaltranais, ná ag fir a mheallas fir ná a ligeas dʼfhir a mealladh, 10ná ag gadaithe, ná ag lucht craois, ná ag meisceoirí, ná ag lucht na cúlchainte ná ag na bithiúnaigh. 11Agus bhí cuid agaibh orthu siúd. Ach níodh agus naomhaíodh agus fíréanaíodh sibhse in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.
12“Is dleathach gach ní domsa,” ach ní chuidíonn gach aon ní. “Is dleathach gach ní domsa,” ach ní ligfidh mé dʼaon ní mo thabhairt faoi dhaorsmacht. 13“Is dual bia don bholg agus is dual an bolg don bhia”—agus cuirfidh Dia ceachtar acu ar ceal. Ní dual an cholainn don éagóir, ach don Tiarna, agus an Tiarna don cholainn. 14Agus thóg Dia an Tiarna agus tógfaidh sé sinne mar an gcéanna trína chumhacht. 15Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill de Chríost bhur gcolainneacha? An nglacfaidh mé mar sin baill Chríost agus an ndéanfaidh mé baill striapaí díobh? Ní dhéanfaidh choíche! 16Nach bhfuil a fhios agaibh, an té a thagas le chéile le striapach, go ndéanann sé aon cholainn amháin léi? Mar atá scríofa, “beidh an lánúin ina n-aon cholainn.” 17Ach an té a aontaítear leis an Tiarna déantar aon spiorad de leis. 18Seachnaígí an striapachas. Is taobh amuigh den cholainn gach peaca eile dá ndéanann fear: ach peacaíonn fear na drúise in aghaidh a cholainne féin. 19Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall í bhur gcolainn don Spiorad Naomh a bhíos ionaibh, atá agaibh ó Dhia? Ní libh féin sibh; 20ceannaíodh ar luach sibh. Mar sin de, glóirígí Dia le bhur gcolainn.
Currently Selected:
1 Coraintigh 6: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland