YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 5

5
1Agus a rá is de go ndeirtear go bhfuil striapachas in bhur mease de chineál nach mbíonn le fáil i mease na bpágánach féin; is é rud, tá fear in aontíos le banchéile a athar. 2Agus bród oraibh as! Nár chóir mairgneach ina ionad sin? Caitear as bhur gcuideachta an té a bhfuil a leithéid déanta aige.
3Siúd is go bhfuilim as láthair ó chorp táim i láthair ó sprid, agus mar a bheinn i láthair, tá breithiúnas tugtha agam cheana 4in ainm an Tiarna Íosa ar an bhfear a rinne an gníomh sin. Nuair a bhíos sibh cruinnithe, agus nuair a bhíos mo spridse i láthair, le cumhacht ár dTiarna Íosa, 5tá oraibh an fear sin a ligean le Sátan chuig scrios na colainne, ionas go slánófar a sprid i lá an Tiarna Íosa.
6Ní sona an maíomh sin agaibh. Nach feasach daoibh go n-imíonn beagán beag laibhín ar fud an chnap taois? 7Glanaigí mar sin an seanlaibhín ionas go mbí cnap úmua taois ionaibh, ó tá sibh gan laibhín i ndáiríre. Mar tá íobairt déanta de Chríost, ár n-uan Cásca. 8Bímis mar sin ag comóradh na féile, agus ní le seanlaibhín na hurchóide agus an oilc, ach le harán gan laibhín na dúthrachta agus na fírinne.
9Scríobh mé chugaibh i mo litir ag fógairt daoibh gan aon bhaint a bheith agaibh le lucht na drúise; 10ach níorbh iad a bhí i mo cheann lucht drúise ná lucht craois ná bithiúnaigh an tsaoil seo, ná lucht adhartha na n-íol, mar dá mbʼamh-laidh, chaithfeadh sibh imeacht as an saol ar fad. 11Ach is é a bhí á scríobh agam ina ionad sin gan baint a bheith agaibh le haon duine a mbíonn ainm bráthar air má bhíonn sé ciontach i ndrúis nó i gcraos, nó má bhíonn sé ina adhraith-eoir íol, má chuireann sé míchlú ar dhaoine lena chaint, má bhíonn sé ina mheisceoir nó ina ghadaí—ní dhéanfaidh sibh oiread agus ithe ag aon bhord lena leithéid de dhuine. 12Cad é an gnó atá agam ag tabhairt breithiúnais ar an dream a bhíos taobh amuigh? Nach ar an dream a bhíos taobh istigh den eaglais is cóir daoibh breithiúnas a thabhairt? 13Tugann Dia breithiúnas ar an dream a bhíos taobh amuigh. “Díbrígí an coirpeach as bhur gcuideachta.”

Currently Selected:

1 Coraintigh 5: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in