YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 7

7
1Is é a deirim anois i dtaobh na ngnóthaí ar scríobh sibh fúthu. Tá sé chomh maith ag fear gan aon bhaint a bheith aige le bean. 2Ach lena gcosaint ar na cathuithe chun drochiompair, is ceart a bhanchéile féin a bheith ag gach aon fhear, agus a fear céile féin a bheith ag gach bean. 3Tugadh an fear a ceart féin dá bhanchéile agus tugadh an banchéile a chearta fir dá fear céile. 4Mar ní bhíonn an bhean, ach an fear, i gceannas a coirp féin; agus mar an gcéanna ní bhíonn an fear, ach an bhean, i gceannas chorp a fear céile. 5Ná diúltaígí dá chéile ach amháin, bʼfhéidir, ar feadh tamaill dʼaontoil, ionas go dtuga sibh sibh féin suas don urnaí; agus san uair sin féin tagaigí le chéile arís ar eagla go gcuirfidh Sátan cathuithe oraibh tri dhíobháil sriantachta. 6Ceadaím sin daoibh gan a ordú. 7Bʼfhearr liom é dá mbeadh gach uile dhuine mar atá mé féin. Ach bíonn gach uile dhuine agus a thíolacadh féin aige ó Dhia, agus gné eile ag an dara duine.
8Deirim leis an dream nár phós go fóill agus leis na baintreacha go bhfuil sé chomh maith acu fanacht díomhaoin agus aithris a dhéanamh ormsa. 9Ach mura dtagann leo srian a choinneáil leo féin, is fearr dóibh pósadh. Mar is fearr pósadh ná bheith ar lasadh le hainmhianta collaí.
10Don dream atá pósta, ní thugaim féin, ach tugann an Tiarna ordú gan an banchéile a scaradh óna fear céile 11(nó má scarann féin fanadh si díomhaoin nó déanadh sí athaontú lena fear)—agus gan an fear céile a scaradh lena bhanchéile.
12Ní hé an Tiarna, ach mise a deir leis an gcuid eile, más rud é go bhfuil bráthair ann a bhfuil banchéile aige nach bhfuil an creideamh aici, agus í toilteanach le bheith ar aontíos leis, nach bhfuil feidhm air scaradh léi. 13Má tá bean ann a bhfuil fear gan chreideamh aici, agus é toilteanach le bheith ar aontíos léi, níl feidhm uirthi scaradh leis. 14Mar naomhaíonn a bhean an fear gan chreideamh agus naomhaíonn an fear an bhean gan chreideamh. Murab é sin, ba neamhghlan bhur gclann, atá naofa sa chás seo. 15Ach más mian leis an gcéile díchreidmheach scaradh, déantar amhlaidh; níl aon oibleagáid ar bhráthair ná ar shiúr má chuirtear sin i gcás. Mar ghlaoigh Dia sinn chun na síochána. 16A bhean úd, cad é mar atá a dhearbhfhios agat go slánóidh tú dʼfhear céile? A fhir úd, cad é mar a fhéadann tú bheith cinnte go slánóidh tú do bhanchéile? 17Níl uaim ach amháin go gcaithfeadh gach duine an saol a dháil Dia air, agus a raibh sé ann nuair a ghlaoigh Dia air. 18Cuirim i gcás duine a bhí timpeallghearrtha cheana féin san am ar glaodh air. Ná féachadh sé le lorg an timpeallghearrtha a chur ar ceal. Cuirim i gcás go raibh duine gan timpeallghearradh san am ar glaodh air. Ná hiarradh sé timpeallghearradh. 19Mar níl aon tábhacht sa timpeallghearradh ná sa neamh-thimpeallghearradh, ach i gcleachtadh aitheanta Dé. 20Is cóir do gach duine fanacht sa staid inar glaodh air. 21An raibh tú i do dhaor nuair a glaodh ort? Nach cuma! Ach má bhíonn faill agat an tsaoirse a fháil, glac léi. 22Mar an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina dhaor, is é saor an Tiarna é. Mar an gcéanna an té sin a fuair glaoch ón Tiarna agus é ina shaor, is é daor an Tiarna é. 23Ceannaíodh ar luach sibh; ná bígí in bhur ndaoir ag daoine. 24Mar sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé sa staid ina raibh sé nuair a fuair sé an glaoch.
25Anois, i dtaobh an mhéid nach bhfuil pósta, níl aithne ón Tiarna agam, ach go bhfuil mé ag insint mo bharúla mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna. 26I ngeall ar an angar atá le teacht is é mo thuairim go bhfuil sé chomh maith do dhuine fanacht mar atá sé. 27An bhfuil tú faoí chuing le céile mná? Ná hiarr í a scaoileadh. An bhfuil tú saor ó chéile mná? Ná hiarr an cleamhnas. 28Ach má phósann tú, ní peaca duit é, agus má phósann cailín, ní peaca di é. Ach beidh a gcuid féin de bhuaireamh saolta ar an dream a phósfas, agus ba é ba mhian liom sin a chose oraibh. 29Is é atá á mhaíomh agam, a bhráithre, go bhfuil an t-am atá leagtha amach ag éirí an-ghairid; uaidh seo amach maireadh an méid a mbíonn banchéilí acu mar nach mbeadh siad acu, 30agus an dream atá faoi bhrón mar nach mbeadh brón orthu, agus an dream a bhfuil lúcháir orthu mar nach mbeadh lúcháir orthu, agus an dream a bhíos ag ceannach mar nach mbeadh aon ní acu, 31agus an dream a mbíonn gnó saolta acu mar nach mbeadh aon ghnó acu leis an saol. Mar tá gné an tsaoil seo ag imeacht as.
32Ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear neamhphósta imníoch faoi ghnóthaí an Tiarna, agus faoi conas a thaitneos sé leis an Tiarna; 33ach bíonn an fear pósta imníoch faoi ghnóthaí saolta, agus faoi conas a thaitneos sé lena bhean, 34agus gan é ar aon aigne amháin. Agus an bhean nó an cailín nár pósadh, bíonn imní uirthi faoi ghnóthaí an Tiarna, agus faoi bheith naofa i gcorp agus i sprid; ach bíonn imní ar an mbean phósta faoi ghnóthaí saolta, agus faoi conas a thaitneos si lena fear céile. 35Deirim an méid seo le bhur leas, gan aon srian a chur libh, ach le caoi cheart a chur ar bhur gcúrsaí agus bhur n-aird ar fad a bheith ar an Tiarna.
36Má shíleann aon duine nach bhfuil sé á iompar féin mar ba cheart leis an mbean a bhfuil sé luaite léi, agus má bhíonn a ainmhian trom, agus riachtanas leis: bíodh de chead acu pósadh—ní peaca é. 37Ach an té a bhfuil a chroí daingean, agus nach bhfuil riachtanas air, agus a bhfuil a mhianta faoi shrian, agus a bhfuil mar rún daingean aige ina chroí bheith luaite léi go buan, beidh dea-rud déanta aige. 38Mar sin an té a phósas an bhean a luaitear leis, is maith a dhéanas sé; agus an té a fhanas ó phósadh, déan-faidh sé ní is fearr.
39Tá banchéile ceangailte dá fear céile chomh fada agus a mhaireann sé. Má fhaigheann an fear céile bás, tá sise saor lena rogha duine a phósadh, ach a bheith sa Tiarna. 40Ach is é mo mheas gurb aoibhne di fanacht mar atá si. Agus creidim go bhfuil Spiorad Dé agam chomh maith le duine.

Currently Selected:

1 Coraintigh 7: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in