YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 4

4
1Ba chóir do dhuine meas sheirbhísigh Chríost agus maoir rúndiamhra Dé a bheiʼth aige orainn. 2Is dual do mhaoir bheith iontaofa. 3Ach is beag liom bhur mbreith nó breith aon chúirte daonna. Ní bhím ag tabhairt aon bhreithiúnais orm féin. 4Ní airím go bhfuil aon ní ar mo choinsias, ach ní ionann sin agus saorbhreith. Is é an Tiarna a thugas breith orm. 5Dá bhrí sin de, ná tugaigí breithiúnas roimh an am, go dtí go dtaga an Tiarna, a thabharfas chun solais a bhfuil i bhfolach sa dorchadas, agus a nochtfas ruin an chroí. Is ansin a gheobhaidh gach duine an moladh ó Dhia atá tuillte aige.
6Luaigh mé mé féin agus Apollós mar shamplaí, a bhráithre, le leas a dhéanamh daoibh, go bhfoghlaimí sibh uainn conas is cóir maireachtáil de réir an scrioptúir, agus ionas nach dtaobhaí sibh go hiomarcach le duine againn thar an duine eile. 7Mar cé a aithníos ní ar bith sonrach ionatsa? Cad é atá agat nach bhfuair tú? Agus más rud é go bhfuair tú é, cad chuige duit bheith ag maíomh as fé mar nach raibh sé ina bhronntanas?
8Nach sibh atá súgach sásta! Nach agaibh atá an saibhreas! Tá sibh in bhur ríthe dár mile buíochas! Agus ba é ba mhian liom sibh a bheith in bhur ríthe, ionas go mbeimisne inár gcomhríthe libh! 9Mar is é a shílim go bhfuilimidne, na haspail, dár dtaispeáint ag Dia ar deireadh, mar dhaoine a bhíos á gcur chun báis; mar rinneadh amharc dínn lena fheiceáil ag an domhan, ag aingil agus ag clann Ádhaimh. 10Is daoithe sinne ar son Chríost, ach is saoithe sibhse i gCríost. Bímidne lag agus sibhse láidir. Bíonn meas oraibhse agus dímheas orainn. 11Go dtí anois bímid faoi ocras agus faoi thart, de dhíth éadaí, dár mbualadh le bosa gan teach gan áitreabh againn, 12agus sinne ag obair go maslach lenár lámha féin. Tugaimid an bheannacht in aghaidh an drochfhocail; bímid ag fulaingt nuair a chuirtear géarleanúint orainn; 13bímid ag agairt ar an té a bhíos dár gcáineadh; ní dhearnadh dínn, agus níl ionainn anois, ach dríodar an domhain, agus díogha aauile ní.
14Níl mé á scríobh seo le bhur náiriú, ach le ciall a chur ionaibh mar a dhéanfainn le leanaí muimeacha. 15Mar cé gur iomaí treoraí atá agaibh i gcúrsaí Chríost, níl mórán aithreacha agaibh. Mar is mé bhur n-athair a ghin sibh trí Íosa Críost le cuidiú an tsoiscéil. 16Iarraim oraibh, mar sin, aithris a dhéanamh ormsa. 17Is mar sin a chuir mé Timótéus, mo mhac dílis dlisteanach sa Tiarna, leis na bealaí a bhíos liom i gCríost a chur i gcuimhne daoibh, mar a bhíonn siad á dteagasc agam san uile áit agus eaglais. 18Tá cuid agaibh á séideadh le huabhar, fé mar nach mbeinn le teacht chugaibh. 19Ach is gairid go dtaga mé chugaibh, más toil le Dia, agus cuirfidh mé fios ar an dream sin an uabhair agus ní ar a gcaint ach ar a gcumhacht. 20Mar ní ábhar cainte í ríocht Dé, ach ábhar cumhachta. 21Bíodh bhur rogha agaibh. An dtiocfaidh mé chugaibh agus an bata i mo láimh, nó le grá agus an chneastacht i mo chroí?

Currently Selected:

1 Coraintigh 4: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in