YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 3

3
1Ach níor fhéad mise, a bhráithre, labhairt libh mar a labhróinn le fir spioradálta, ach mar a labhróinn le fir chollaí, a bhíos ina leanbáin i gcúrsaí Chríost. 2Chothaigh mé le bainne sibh, agus ní le bia tirim; mar ní raibh sibh réidh ina choinne; agus níl sibh réidh go fóill ach oiread, 3ós den cholainn sibh go fóill. Mar chomh fada agus bhíos éad agus imreas eadraibh, nach bhfuil sibh collaí, agus nach bhfuil sibh mar na gnáthdhaoine in bhur n-iompar? 4Mar nuair a deir duine amháin, “Is le Pól mise,” agus duine eile, “Is le hApollós mise,” nach mbíonn sibh marghnáthdhaoine?
5Cad é rud é Apollós? Cad é ní é Pól? Seirbhísigh iad ar tháinig sibh chun creidimh tríothu, mar a leag an Tiarna amach do gach duine acu. 6Chuir mise an síol, agus leag Apollós an t-uisce faoi, ach ba é Dia a chuir an fás faoi. 7Mar sin níl tábhacht ann cé a chuireas nó cé a leagas an t-uisce faoi, ach amháin i nDia a thugas an fás dó. 8Is ionann an té a chuireas agus an té a leagas an t-uisce, agus gheobhaidh gach duine acu a luach saothair de réir a oibre. 9Mar is comhoibrithe sinne ar son Dé; agus is sibh gort Dé, nó foirgneamh Dé.
10De réir an ordaithe a fuair mé ó Dhia, chuir mise an dúshraith mar a chuirfeadh ardsaor oilte, agus tá duine eile agtógáil uirthi.Tugadh gach aon duine dá aire conasathógas sé uirthi. 11Mar ní féidir aon dúshraith a leagan thar an dúshraith atá leagtha cheana féin, is é sin Íosa Críost. 12Anois má théann an duine a thógáil ar an dúshraith le hór, nó le hairgead, nó le clocha uaisle, nó le hadhmad, nó le cochán, nó le coinleach— 13beidh obair gach duine á taispeáint; mar nochtfaidh an Lá é, mar nochtfar le tine é, agus féachfaidh an tine an cineál oibre atá déanta ag gach duine. 14Má fhanann an obair a thóg duine ar bith ar an dúshraith, gheobhaidh sé luach saothair. 15Má loiscfear obair dhuine ar bith, beidh an chaill sin air, cé go slánófar é féin, mar a bheadh trí thine.
16Nach eol daoibh gur sibh teampall Dé agus go gcónaíonn Spiorad Dé ionaibh? 17Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaidh Dia an duine sin. Mar is naofa é teampall Dé, agus is sibh an teampall sin.
18Ná bíodh duine ar bith á mhealladh féin. Má shíleann duine ar bith agaibh gur saoi é san aois seo, bíodh sé ina dhaoi go dtí go mbí sé eagnaí. 19Mar níl in eagnaíocht an tsaoil seo ach amaidí i bhfianaise Dé. Mar tá sé scríofa, “Ceapann sé na saoithe lena gclisteacht féin,” 20agus arís, “Tá a fhios ag an Tiarna gur díomhaoin iad smaointe na n-eagnaithe.” 21Mar sin ná bíodh duine ar bith ag maíomh as daoine. Mar níl ní nach bhfuil agaibh, 22más é Pól nó Apollós nó Céfas nó an domhan nó an bheatha nó an bás nó an t-am i láthair nó an t-am atá le teacht, is libh iad seo uile; 23agus is le Críost sibh; agus is le Dia Críost.

Currently Selected:

1 Coraintigh 3: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in