1 Coraintigh 2
2
1Nuair a tháinig mé chugaibh, a bhráithre, níor tháinig mé chugaibh agus mé ag fógairt fhianaise Dé daoibh i mbriathra arda eagnaí. 2Mar bhí de rún agam gan aon ní a aithint eadraibh ach Íosa Críost, agus é céasta. 3Agus bhí mé agaibh agus mé lag cloíte critheaglach creathach; 4agus gan mo chaint ná mo theachtaireacht a bheith i mbriathra mealltacha eagnaí, ach bhí an Spiorad agus an chumhacht á léiriú tríothu, 5ionas nach seasfadh bhur gcreideamh ar an eagnaíocht dhaonna ach ar chumhacht Dé.
6Ní fhágann sin nach mbímid ag dáileadh na heagna ar dhaoine aibí oilte, cé nach eagna í a bhíos ag an aois seo, nó ag uachtaráin na haoise seo, a bhfuil sé i ndán dóibh dul as. 7Ach dáilimid eagna dhuibheagánach Dé, a dʼordaigh Dia roimh an saol uile lenár nglóiriú. 8Ní raibh tuiscint air sin ag aon uachtarán dʼuachtaráin na haoise seo; mar dá mbeadh, ní dhéanfaidís Tiarna na glóire a chéasadh. 9Ach, mar atá scríofa,
“An ní nach bhfaca súil agus nár chuala cluas,
agus an ní nár thuig croí an duine,
an ní atá ullmhaithe ag Dia don dream a mbíonn grá acu dó,”
10tá an ní sin nochta ag Dia dúinn tríd an Spiorad. Mar scrúdaionn an Spiorad gach aon ní, go dtí doimhneachtaí Dé. 11Mar cé hé ar feasach dó smaointe duine ach amháin an sprid a bhíos sa duine sin? Mar an gcéanna ní thuigeann aon duine smaointe Dé ach Spiorad Dé amháin. 12Anois níl glactha againn le sprid an tsaoil, ach leis an Spiorad is ó Dhia, ionas go dtuigimid na tíolaicí atá bronnta ag Dia orainn. 13Agus bímid á dháileadh i mbriathra nár theagasc eagnaíocht dhaonna dúinn ach a bhíos á theagasc ag an Spiorad agus bímid ag míniú fírinní spioradálta do dhaoine a mbíonn an Spiorad acu.
14An duine neamhspioradálta, ní ghlacann sé sin le tíolaicí Spiorad Dé, mar dar leis nach mbíonn ach amaidí iontu, agus ní bhíonn tuiscint aige orthu de bhrí go n-aith-nítear iad go spioradálta. 15An duine spioradálta, bíonn sé ina bhreitheamh ar gach uile ní, gan aon duine a bheith ina bhreitheamh air. 16“Cé hé sin a raibh fios intinn Dé aige, sa chaoi go bhféadfadh sé teagasc a thabhairt dó?” Ach is é rud, tá intinn Chríost againn.
Currently Selected:
1 Coraintigh 2: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland