YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 1

1
1Mise Pól, a fuair an ghairm le toil Dé le bheith i mʼaspal ag an gCríost, ag Íosa, mise agus ár mbráthair Sóstenés.
2Chuig an eaglais is le Dia atá i gCoraint, chuig an dream atá naomhaithe in Íosa Críost, a bhfuil gairm acu le bheith ina naoimh maraon leis na daoine uile san uile áit a bhíos ag glaoch ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, atá ina Thiarna acu mar atá againne:
3Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost:
4Bím i gcónaí ag tabhairt buíochais do Dhia ar bhur son as grásta Dé a tugadh daoibh sa Chríost, in Íosa, 5as an saibhreas a bhí agaibh ann san uile urlabhra agus eolas— 6na nithe sin lenar daingníodh eadraibh an fhianaise do Chríost— 7ar mhodh nach bhfuil aon tíolacadh spioradálta in easnamh oraibh, agus sibh ag fanacht go dtí go nochtar ár dTiarna Íosa Chríost; 8an té a dhaingneoidh sibhse go deireadh, go mbí sibh gan choir i lá ár dTiarna Íosa Críost. 9Is dílis é Dia, a ghlaoigh oraibh chun comaoineach lena Mhac, Íosa Críost ár dTiarna.
10Impím oraibh, a bhráithre, trí ainm ár dTiarna Íosa Críost, bheith go léir ar aon fhocal, gan easaontais eadraibh, ach ag cur le chéile agus an intinn chéanna agus an breith-iúnas céanna agaibh. 11Mar tá tuarascáil agam ó mhuintir Chlóé go mbíonn clampar eadraibh, mo bhráithre. 12Is é atá á rá agam go mbíonn gach uile dhuine agaibh á rá, “Is le Pól mise,” nó “Is le hApollós mise,” nó “Is le Céfas mise,” nó “Is le Críost mise.” 13An mbíonn Críost á roinnt i gcodanna? Ar céasadh Pól ar chrois ar bhur son? Nó an in ainm Phóil a baisteadh sibh? 14Bím buíoch nár bhaist mé aon duine agaibh amach ó Chrispus agus Ghaius; 15ar eagla go ndéarfadh duine ar bith gur baisteadh sibh i mʼainmse. 16(Is é rud, bhaist mé teaghlach Stefános lena chois sin. Níor bhaist mé aon duine thairis sin go bhfios dom.) 17Ní le baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach leis an soiscéal a sheanmóireacht, agus sin gan clisteacht chainte, ar eagla go mbainfí an chumhacht de chrois Chríost.
18Mar níl i mbriathar na croise ach amaidí ag an dream atá i mbealach a mbasctha, ach againne, a bhíos dár slánú is é cumhacht Dé é. 19Mar tá sé scríofa,
“Scriosfaidh mé eagnaíocht na saoithe,
agus cuirfidh mé clisteacht na gcleasaithe ar ceal.”
20Cá bhfuil an saoi? Cá bhfuil an scríobhaí? Cá bhfuil an té a bhíos ag díospóireacht san aois seo? Nach bhfuil amaidí déanta ag Dia dʼeagnaíocht an tsaoil? 21Mar nuair nár lig eagnaíocht Dé don saol eolas Dé a fháil trí eagnaíocht, ba é ba thoil le Dia an dream a chreideas a shlánú trí amaidí ábhar ár seanmóireachta. 22Mar bíonn na Giúdaigh ag iarraidh comharthaí agus bíonn na Gréagaigh ar thóir na heagnaíochta, 23ach bímidne ag seanmóireacht Chríost a céasadh ar chrois, a bhíos mar cheap tuislithe ag na Giúdaigh agus mar amaidí ag na Gintlithe, 24ach a bhíos, don dream a fuair an ghairm, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, ina Chríost a bhfuil cumhacht Dé agus eagnaíocht Dé ann. 25Mar is eagnaí ná daoine í amaidí Dé, agus is láidre ná daoine í laige Dé.
26Smaoinígí mar sin ar bhur ngairm, a bhráithre; ní raibh mórán agaibh ina saoithe de réir chaighdeán an tsaoil seo, mar ní raibh cumhacht ag mórán agaibh, ní raibh mórán agaibh ina n-uaisle de réir folaíochta; 27ach is é rud, thogh Dia a bhfuil ina ndaoithe i súile an tsaoil leis na saoithe a náiriú, thogh Dia a bhfuil lag cloíte i súile an tsaoil lena bhfuil láidir a náiriú, 28thogh Dia a bhfuil go suarach agus faoi dhímheas i súile an tsaoil, agus go fiú nach bhfuil ann, leis na nithe atá ann a chur ar neamhní, 29ionas nach mbeadh aon ábhar maíte ag aon dúil dhaonna i láthair Dé. 30Is é Dia foinse bhur mbeatha sa Chríost, in Íosa, a bhfuil ár n-eagna agus ár bhfíréantacht agus ár naomhú agus ár slánú déanta ag Dia de; 31agus dá bhrí sin de, mar atá scríofa, “An té a bhíos ag maíomh, bíodh sé ag maíomh as an Tiarna.”

Currently Selected:

1 Coraintigh 1: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in