1 Coraintigh 12
12
1Anois a bhráithre, ní maith liom sibh a bheith aineolach i dtaobh na dtíolaicí spioradálta. 2Tá a fhios agaibh go raibh sibh do bhur seoladh ar seachrán siúil chuig déithe balbha bréige san am a raibh sibh in bhur bpágánaigh, is cuma cad é chomh mór leis an gcorraí a bhí fúibh. 3Dá bhrí sin is maith liom go dtuigfeadh sibh nach ndeir aon duine “Mo mhallacht é Íosa!” atá ag labhairt faoi anáil Spiorad Dé agus nach féidir le haon duine a rá “Is é an Tiarna é Íosa” ach amháin tríd an Spiorad Naomh.
4Anois tá éagsúlacht sna tíolaicí, ach tá an t-aon Spiorad amháin ann; 5agus bíonn éagsúlacht sa tseirbhís a dhéantar ach is ionann an Tiarna; 6agus bíonn éagsúlachtaí san oibriú, ach is é an t-aon Dia amháia a spreagas iad uile san uile dhuine. 7Bronntar cumas léirithe an Spioraid ar gach duine mar mhaithe leis na daoine uile a chur ar a leas. 8Tugtar tríd an Spiorad urlabhra na heagna do dhuine amháin, agus do dhuine eile urlabhra an eolais de réir an Spioraid chéanna, 9tugtar creideamh do dhuine eile tríd an Spiorad céanna, agus tíolaicí an leighis do dhuine eile tríd an Spiorad céanna, 10do dhuine eile cumas déanta míorúiltí, do dhuine eile fáidheadóireacht, do dhuine eile cumas na spridí a aithint ó chéile, do dhuine eile labhairt i dteangacha éagsúla, do dhuine eile cumas mínithe na dteangacha sin. 11Bíonn siad seo uile á spreagadh tríd an t-aon Spiorad céanna amháin, agus é ag roinnt mar is toil leis le gach duine faoi leith.
12Mar atá an t-aon chorp amháin ann agus an iomad ball air, agus mar atá na baill uile, dá méid, ina n-aon chorp amháin, is mar sin do Chríost. 13Mar tríd an t-aon Spiorad amháin is aon chorp amháin tríd an mbaiste sinn— idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, idir shaoir agus dhaoir— agus tugadh orainn an t-aon Spiorad amháin a ól.
14Mar ní aon bhall amháin é an corp ach mórán acu. 15Dá ndéarfadh an chos, “Ní den chorp mé ó nach lámh mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp. 16Agus dá ndéarfadh an chluas, “Ó nach súil mé, ní den chorp mé,” ní lúide a bheadh sí ina cuid den chorp. 17Dá mba shúil é an corp uile, cá mbeadh an éisteacht? Dá mba chluas é an corp uile cá mbeadh an boladh? 18Ach mar atá, chóirigh Dia na baill sa chorp, an uile bhall acu, mar a thogair sé féin. 19Dá mba aon bhall amháin iad, cá mbeadh an corp? 20Mar atá, tá mórán codanna ann, ach tá aon chorp amháin ann. 21Ní fhéadann an tsúil a rá leis an láimh, “Níl feidhm orm leat,” ná ní fhéadann an ceann a rá leis na cosa, “Níl feidhm orm libh.” 22A athrach ar fad, is iad na codanna den chorp is mó a bhfuil cuma na laige orthu nach féidir déanamh dá n-uireasa, 23agus is do na codanna sin den chorp is lú dar linn a bhíos onórach a thugaimid an onóir is mó, agus is faoi na codanna dínn atá ina ndíol náire a bhímid modhúil béasach 24ar shlí nach dteastaíonn ó na codanna is mó is inbhreathnaithe. Ach is amhlaidh is mar sin an t-eagar a chuir Dia ar an gcorp, ag tabhairt na honóra is mó don bhall is isle dínn, 25ionas nach mbeidh aon easaontas sa chorp, ach go mbeidh na baill uile ag freastal mar an gcéanna dá chéile. 26Má tá aon chaill ar aon bhall, bíonn an chaill orthu uile i gcuideachta; má thugtar onóir dʼaon bhall amháin, bíonn áthas ar na baill uile le chéile.
27Anois is sibh corp Chríost, agus gach duine faoi leith ina bhall de. 28Agus is iad atá ceaptha ag Dia san eaglais na haspail sa chéad áit, na fáithe sa dara háit, na teagascóirí sa tríú háit, agus ansin lucht oibrithe míorúiltí, lucht déanta leigheasanna, cúntóirí, riarthóirí, lucht labhartha teangacha ilchineálacha. 29An aspail iad uile? An fáithe iad uile? An teagascóirí iad uile? An oibríonn siad uile míorúiltí? 30An bhfuil tíolaicí an leighis acu uile? An labhraíonn siad uile i dteangacha? An míníonn siad uile? 31Ach bígí sibhse ag tnúth leis na tíolaicí is airde a fháil. Agus nochtfaidh mé daoibh slí a sháraíos orthu sin uile.
Currently Selected:
1 Coraintigh 12: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland