1 Coraintigh 11
11
1Déanaigí aithris ormsa, de réir mar a bhímse ag déanamh aithrise ar Chríost.
2Molaim sibh ar an dóigh a gcuimhníonn sibh orm san uile ní, agus a gcoimeádann sibh na nósanna go díreach mar a thaobhaigh mé libh iad. 3Ach ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh gurb é Críost ceann gach fir, gurb é a fear céile ceann gach mná, agus gurb é Dia ceann Chríost. 4Gach fear a bhíos ag umaí nó ag fáidheadóireacht le ceann cumhdaithe tugann sé easonóir dá cheann féin, 5ach gach bean a bhíos ag urnaí nó ag fáidheadóireacht le ceann nach bhfuil cumhdaithe tugann sí easonóir dá ceann féin—is ionann é agus dá mbeadh a ceann bearrtha. 6Mar mura gcuireann bean caille uirthi, ba cheart di a ceann a bhearradh; ach más náireach do bhean bheith lomtha nó bearrtha, a chead aici caille a chaitheamh. 7Mar ní dual dʼfhear a cheann a chumhdach, ós é íomhá agus glóir Dé é; ach is í an bhean glóir an fhir. 8(Mar ní dhearnadh an fear as an mbean, ach rinneadh an bhean as an bhfear. 9Mar an gcéanna níor cruthaíodh an fear mar mhaithe leis an mbean ach cruthaíodh an bhean mar mhaithe leis an bhfear). 10Is é sin an chúis atá leis an gcaille is cóir a bheith ar cheann mná; is iad na haingil is cúis leis. 11(Ní lúide, mar atá sa Tiarna níl an bhean neamhspleách ar an bhfear ná an fear neamhspleách ar an mbean; 12ó mar rinneadh an bhean as an bhfear, tagann an fear anois ar an saol as broinn na mná. Mar is ó Dhia a thagann na nithe uile). 13Tugaigí breith in bhur n-intinn féin; an cóir é go mbeadh bean ag guí Dé gan cumhdach ar a ceann? 14Nach mbíonn an nádúir féin ag múineadh daoibh gur ábhar náire dʼfhear é ceann fada gruaige a bheith air, 15ach go bhféadann bean bheith bródúil as a gruaig fhada? Mar tugtar a gruaig di mar chumhdach. 16Má tá aon duine ró-righin, ní bhímidne ná eaglaisí Dé ag glacadh le haon nós eile.
17Ach ní bheidh mé do bhur moladh sna rialacha a thabharfas mé uaim anois, ós nach chun bhur leasa ach chun bhur n-aimhleasa a thagas sibh le chéile. 18Mar sa chéad dul síos, nuair a chruinníos sibh le chéile mar eaglais, cluinim go mbíonn siosmaí eadraibh; agus creidim cuid de sin, 19mar caithfidh sainaicmí a bheith in bhur mease ionas go n-aithnítear cé agaibh atá dáiríre. 20Nuair a thagann sibh i geeann a chéile, ní hé suipéar an Tiarna a bhíos á ithe agaibh. 21Mar nuair a bhíonn sibh ag ithe, téann gach duine ar aghaidh lena bhéile féin, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus an dara duine ag dul ar meisce. 22Cá bhfacthas a leithéid? Nach bhfuil tithe agaibh le bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an beag libh eaglais Dé agus an dtugann sibh dímheas do na daoine nach bhfuil maoin acu? Cad é a bheidh le rá agam faoi sin? An mbeidh mé do bhur moladh? Ní bheidh, ar ndóigh.
23Mar níor thug mé uaim daoibh ach ar tháinig chugam ón Tiarna é féin, gur ghlac an Tiarna Íosa arán oíche a bhratha, 24agus gur altaigh sé é, agus gur bhris sé é ansin, agus go ndúirt sé, “Is é seo mo chorp atá ar bhur son.#11:24 Deir údaráis eile briste ar bhur son. Déanaigí sin i gcuimhne ormsa.” 25Mar an gcéanna leis an gcailis, i ndiaidh an tsuipéir, á rá, “Is í an chailís seo an cúnant úrnua i mʼfhuilse. Déanaigí sin, chomh minic agus a ólfas sibh é, i gcuimhne ormsa.” 26Mar dá mhinicí a itheas sibh an t-arán seo agus a ólas sibh an chailís, fógraíonn sibh bás an Tiarna go dtí go dtiocfaidh sé.
27Dá bhrí sin, cibé duine a itheas an t-arán nó a ólas cailís an Tiarna ar chaoi nach cóir beidh sé ciontach i sárú chorp agus fhuil an Tiarna. 28Cuireadh duine mionscrúdú air féin, agus itheadh sé ansin den arán agus óladh sé den chailís. 29Mar an té a itheas agus a ólas gan an corp a aithint itheann sé agus ólann sé breithiúnas air féin. 30Is é sin an chúis go bhfuil mórán agaibh lag agus breoite, agus cuid agaibh i ndiaidh bás a fháil. 31Ach dá dtabhar-faimis breithiúnas go fíor orainn féin, ni thabharfaí breithiúnas orainn. 32Ach nuair a thugas an Tiarna breithiúnas orainn, cuirtear smacht orainn ionas nach mbeimis faoi dhaorbhreith i gcuideachta an tsaoil.
33Mar sin, a bhráithre liom, nuair a thagann sibh le chéile le hithe, fanaigí lena chéile— 34má bhíonn ocras ar aon duine, itheadh sé sa bhaile—ar eagla go dtuga sibh daorbhreith oraibh féin as teacht le chéile. I dtaca leis na nithe eile, tabharfaidh mé treoir daoibh nuair a thiocfas mé.
Currently Selected:
1 Coraintigh 11: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland