1 Coraintigh 13
13
1Má labhraím ina bhfuil de theangacha ag an Ádhamhchlann agus ag na haingil, agus gan ghrá i mo chroí, níl ionam ach clog callánach nó ciombal clingeach. 2Agus má tá cumhachtaí fáidheadóireachta agam, agus tuiscint gach rúndiamhaire agus gach eolais agam, agus iomlán creidimh agam agus cumas aige sléibhte a bhogadh, agus gan grá a bheith i mo chroí, níl ionam ach neamhní. 3Má thugaim uaim a bhfuil agam, agus má thugaim mo chorp suas lena loscadh, mura bhfuil grá i mo chroí, ní tairbhe ar bith dom é.
4Bíonn an grá go foighneach carthanach; ni bhíonn an grá éadmhar ná mórtasach; 5ní bhíonn sé díomasach ná mímhúinte. Ní iarrann an grá a chomhairle féin; ní bhíonn sé confach ná díoltasach; 6ní bhíonn sé lúcháireach faoin olc, ach lúcháireach faoin maith. 7Bíonn acmhainn ag an ngrá ar na nithe uile, creideann an grá sna nithe uile, bíonn dóchas ag an ngrá as na nithe uile, fulaingíonn an grá na nithe uile.
8Ní bhíonn deireadh leis an ngrá; ach na tairngreachtaí, rachaidh siad ar ceal; na teangacha, beidh deireadh leo; agus an t-eolas, rachaidh sé sin ar ceal. 9Mar is neamhiomlán ár n-eolas agus is neamhiomlán ár dtairngreacht; 10ach nuair a thiocfas an iomláine, rachaidh an neamhiomláine ar ceal. 11Nuair a bhí mé i mo leanbh, bhínn ag labhairt mar leanbh, bhínn ag smaoineamh mar leanbh, agus ag plé mar leanbh; ach nuair a tháinig mé in aois fir, chuir mé na gnásanna leanbai díom. 12Mar ní bhíonn againn anois ach amharc ceomhar i scáthán, ach san uair úd amharc-faimid ar ghnúis a chéile. Níl eolas iomlán agam anois; san uair úd beidh tuiscint iomlán agam, mar an tuiscint iomlán a cuireadh orm. 13Mar sin bíonn na trí ní sin buanseasmhach, an creideamh, an dóchas, agus an grá; ach is é an grá is mó orthu.
Currently Selected:
1 Coraintigh 13: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland