1 Coraintigh 10
10
1Ba mhaith liom a fhios a bheith agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an néil, agus go ndeachaigh siad uile tríd an bhfarraige, 2agus gur baisteadh iad uile do Mhaois sa néal agus san fharraige, 3agus gur chaith siad uile an bia osnádúrtha céanna 4agus gur ól siad uile an deoch osnádúrtha céanna. Mar dʼól siad ón gCarraig osnádúrtha a bhíodh á leanúint, agus ba é Críost an Charraig úd. 5Ach ní fhágann sin nach raibh Dia míshásta lena bhformhór; mar leagadh ar lár san fhásach iad.
6Anois bíonn na nithe seo againn le fógra a thabhairt dúinne gan cíocras a bheith orainn chun an oilc mar a bhí orthu siúd. 7Ná hadhraigí déithe bréige mar a dʼadhair cuid acu; mar atá scríofa, “Shuigh na daoine fúthu le n-ithe agus le n-ól agus dʼéirigh siad le damhsa.” 8Ná géillimis don striapachas mar a ghéill dream acu, gur thit trí mhíle fichead leis san aon lá amháin. 9Ná tugaimis dúshlán Dé, mar a thug cuid acu gur scrios na nathracha nimhe iad; 10agus ná bímis ag clamhsán, mar a rinne cuid acu go dtí gur scrios an Scriostóir iad. 11Anois tharla na nithe sin uile dóibh mar fhógra, ach cuireadh i scríbhinn iad le treoir a thabhairt dúinne, ar thit críocha déanacha na n-aoiseanna orainn. 12Mar sin bíodh an té atá ina sheasamh dar leis féin ar a fhaichill ar eagla go dtite sé. 13Níor rug aon chathú oraibh nach bhfuil coitianta i measc daoine. Is dílis iontaofa Dia, agus ní cheadóidh sé cathú a theacht oraibh nach bhfuil neart agaibh air, agus soláthróidh sé bealach éalaithe le cois an chathaithe, ar mhodh go bhféada sibh a sheasamh.
14Dá bhrí sin a dhaoine mo pháirte, seachnaígí adhradh na ndéithe bréige. 15Labhraím mar a labhróinn le daoine céillí; breathnaígí féin an méid a deirim. 16Cailís an bhean-naithe a bheannaímid, nach rannpháirtíocht i bhfuil Chríost í? An t-arán a bhíos á bhriseadh againn, nach rannpháirtíocht i gcorp Chríost é? 17Ó nach bhfuil ann ach aon arán amháin, táimidne a bhfuil mórán ann dínn inár n-aon chorp amháin, ó bímid rannpháirteach san aon arán amháin. 18Cuirigí i gcás na nósanna a chleachtas Iosrael; nach mbíonn an dream a itheas na híobairtí rannpháirteach san altóir? 19Cad é mar sin atá agam le tuiscint as? Gur ni liom é bia a ofráiltear do dhéithe bréige, nó gur aon ní é an dia bréige é féin? 20Ní hea, is é a thuigim as go mbíonn na págánaigh ag ofráil a mbíonn á n-íobairt acu do dheamhain agus ní do Dhia. Níl aon fhonn orm sibh a fheiceáil ag dul i gcomhar le deamhain. 21Ní féidir libh cupán an Tiarna agus cupán na ndeamhan a ól. Ní féidir libh bheith rannpháirteach i mbord an Tiarna agus i mbord na ndeamhan. 22An músclóimid an Tiarna chun éada? An treise linn ná leis?
23“Tá gach uile ní dleathach,” ach níl gach uile ní ina chuidiú. “Tá gach uile ní dleathach,” ach níl cothú le baint as gach uile ní. 24Ná bíodh aon duine mar mhaithe leis féin, ach mar mhaithe leis an gcomharsa. 25Ithigí cibé a bhíos ar díol i margadh na feola gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias. 26Mar “is leis an Tiarna an talamh agus a bhfuil ann.” 27Má fhaigheann tú cuireadh chun dinnéir ó dhuine de lucht an díchreidimh agus má bhíonn form ort dul ann, ith a leagtar romhat gan ceist ar bith i dtaobh a mbaineann le coinsias. 28(Ach má deir duine leat “Ofráladh é seo mar íobairt,” bíodh aird agat ar an té a thug an t-eolas sin duit, agus urraim agat don choinsias— 29ní hé do choinsias féin ach a choinsias-san—agus ná hith é). Mar cad chuige a mbeadh mo shaoirse féin ag brath ar an scrupall a bhíos ag fear eile? 30Má chaithimse bia go buíoch beannachtach, cad chuige a bhfaightear locht orm as rud a mbím á altú?
31Mar sin, má bhíonn tú ag ithe nó ag ól, nó cibé ní a dhéanann tú, déan é chun glóire Dé. 32Ná tabhair ábhar formaid do na Giúdaigh ná do na Gréagaigh ná dʼeaglais Dé, 33mar a bhímse ar mo dhícheall leis an Ádhamhchlann uile a shásamh le cibé a dhéanaim, gan bheith ag iarraidh buntáiste dom féin, ach buntáiste don chuid is mó de na daoine, ionas go slánófar iad.
Currently Selected:
1 Coraintigh 10: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland