YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 9

9
1Nach bhfuilim saor? Nach bhfuilim i mʼaspal? Nach bhfuil Íosa an Tiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna? 2Má chuirtear i gcás nach bhfuilim i mʼaspal do dhaoine eile, táim i mʼaspal daoibhse ar aon nós; mar tá sibhse mar shéala ar mʼaspaltacht sa Tiarna.
3Sin a bhfuil le rá agam leis an dream a chuirfeadh féachaint orm. 4Nach bhfuil ár gceart féin againn le haghaidh bia agus dí? 5Nach bhfuil de cheart againn banchéile a dhul linn, mar a bhíos ag na haspail eile agus ag deartháireacha an Tiarna agus ag Céfas? 6Nó an mise agus Barnabas amháin nach bhfuil de cheart againn staonadh ó bheith ag saothrú ár mbeatha? 7Cé a liostálas mar shaighdiúir ar a chostas féin? Cé a chuireas fíonghort gan cuid dá thorthaí a ithe? Cé a thugas aire do thréad gan cuid dá bhainne a fháil?
8An é nach bhfuil ach údarás daonna amháin agam leis an méid sin a rá? Nach ndeir an dlí an rud céanna? 9Mar tá sé scríofa i ndlí Mhaois, “Ní chuirfidh tú féastrach ar an damh a bhíos ag satailt an arbhair.” An i dtaobh leis an eallach amháin atá Dia? 10Nach bhfuil sé á rá sin mar mhaithe linne ar fad? Is mar mhaithe linne a scríobhadh é, as siocair gur cóir don treabhdóir treabhadh i ndóchas agus gur cóir don bhuailteoir bualadh i ndóchas a chuid féin den arbhar a fháil. 11Má tá maitheas spioradálta curtha againn in bhur mease, an bhfuil sé iomarcach againn cuid de bhur sochar saolta a bhaint? 12Má bhíonn an ceart sin le héileamh oraibh ag daoine eile, nach mó go mór is féidir linne a éileamh oraibh?
Ach siúd is go bhfuil an ceart seo againn, níor bhaineamar aon fheidhm as, ach níl ní nach féidir linn a sheasamh sula gcuirimid aon chose i slí shoiscéal Chríost. 13Nach feasach daoibh go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal sa teampall a mbia ón teampall, agus go bhfaigheann an dream a bhíos ag freastal ar an altóir a gcuid de na híobairtí? 14Mar an gcéanna, tá sé ordaithe ag an Tiarna go bhfaighe an dream a chraobhscaoileann an soiscéal a mbeatha ón soiscéal.
15Ach níl aon fheidhm bainte agamsa as na cearta seo, agus níl mé ag scríobh i ndúil le haon soláthar den sórt a fháil. Mar bʼfhearr liom bás a fháil ná aon duine mʼábhar maíte a bhaint díom. 16Mar ní aon chúis mhaíte dom é má bhím ag seanmóireacht an tsoiscéil. Mar tá feidhm curtha orm. Is mairg dom é mura mbím ag seanmóireacht an tsoiscéil! 17Más de mo dheoin féin a dhéanaim é, tá duais le fáil agam; ach más i mʼainneoin a dhéanaimse é, is ordú é a taobhaíodh liom lena chur i gcrích. 18Cad é mar sin an duais atá le bheith agam? Níl ann ach an méid seo: an soiscéal athabhairt saor in aiscei mo sheanmóireacht, gan iomlán feidhme a bhaint as an gceart atá agam ón soiscéal.
19Mar siúd is go bhfuilim saor ó na daoine uile, tá daor déanta agam díom féin don uile dhuine, go mbí a thuilleadh á mealladh agam. 20Rinne mé Giúdach díom féin do na Giúdaigh, ionas go meallfainn na Giúdaigh; rinne mé díom féin duine mar a bheadh faoin dlí—cé nach bhfuilim féin faoin dlí—ionas go meallfainn an dream a bhíos faoin dlí. 21Don dream a bhí taobh amuigh den dlí bhí mé mar dhuine a bheadh taobh amuigh den dlí—cé nach bhfuilim gan dlí orm i bhfianaise Dé ach faoi dhlí Chríost—ionas go meallfainn an dream atá taobh amuigh den dlí. 22Bhí mé lag leis an dream a bhí lag ionas go meallfainn an dream atá lag. Bhí mé tuilleamaíoch le gach duine, mar dhúil is go slánóinn cuid acu ar chaoi ar bith. 23Bím á dhéanamh sin uile mar mhaithe leis an soiscéal, ionas go raibh mé páirteach ina bheannachtaí.
24Nach feasach daoibh go mbíonn na reathaithe uile páirteach i gcoimhlint reatha, ach nach bhfaigheann ach an t-aon duine amháin an duais? Rithigí sibhse ar dhóigh go bhfaighe sibh an duais. 25Bíonn gach lúthchleasaí ag cur smachta air féin san uile short ní. Bíonn siadsan á dhéanamh chun go bhfaighe siad an chraobh a chríonas, ach bímidne á dhéanamh le craobh nach bhfeonn a fháil. 26Mar sin ní bhím ag rith gan ceann cúrsa, ná ag domálaíocht mar dhuine a thabharfadh buillí don aer; 27ach bím ag greadadh mo cholainne agus á cur faoi smacht ar eagla, i ndiaidh bheith ag seanmóireacht do dhaoine eile, go mbainfí mo cháilíocht díom féin.

Currently Selected:

1 Coraintigh 9: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in