Exodus 16
16
Caibidil XVI.
An dara uair do dhearnadar clann Israel múnbhar, eadhon, ioma fheóla. 4 Do chuir Día sáth gearghuirt agus manda, chuctha.
1Agus do ghluáiseadar ó Elim, agus táinic comhchruinneaghadh chloinne Israel uile go fásach Sin, noch atá idir Elim agus Sínai, an cúigeadh lá déug don dara mhí, tar éis a tteachd as crích na Hégipte.
2Agus do rinneadur comhcruinniughadh chloinne Israél uile munbhar a naghaidh Mhaóise agus Aároin san bhfásach:
3Agus a dubhradur clann Israel ríu, Do bfear linn go bhfaghmáois bás re láimh an TIGHEARNA a gcrích na Hégipte, a nuáir do shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus a nuair do ithmís arán ar saith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásach so, do mharbhadh na coimhthionalasa uile lé hocrus.
4An sin dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Féuch, fearfa misi aran ó neamh dháoibh, agus rachuid na dáoine amach agus cruinneochuid suim áirighe gach lá, go ndearbha mé íad, an siubholuid ann mo dhligheadh, nó nach déanúid.
5Agus tiucfaidh a ccrich an seiseadh lá, go nuilmheochuid an ni do bhéuruid léo a steach; agus biáidh sé fá dhó ní is mó na an ní chruinnighid go láetheamhuil.
6Agus a dubhairt Maóise agus Aáron ré cloinn Israel uile, Tráthnóna, ann sin aitheóntáói gur bé an TIGHEARNA thug amach sibh as crích na Hégipte:
7Agus ar maidin ann sin do chifídhe gloir an TIGHEARNA; óir dó chluin se bhur munbhar a naghaidh an TIGHEARNA: agus créad sinne, as a ndéanadh sibh munbhar ar naghuidh?
8Agus a dubhairt Maóise, Bíaidh an ní marso, a nuáir do bheura an TIGHEARNA dhibh tráthnóna féóil re ithe, agus ar maidin arán bhur sáith; do chionn go gcluin an TIGHEARNA bhur munbhar noch do nithí do mhunbhar na aghuidh: óir ciodh sinne? ní ar naghuidhne atáid bhur munbhar, achd a naghuidh an TIGHEARNA.
9Agus do labhair Maóise ré Haáron, Abair ré coimhthíonól chloinne Israel uile, Tighidh a bhfogus a láthair an TIGHEARNA: óir do chúaluidh sé bhur munbhar.
10Agus tárla, mar do labhair Aáron le coimhthionol chloinne Israel uile, gur fhéuchadur a leith a nfásaigh, agus, féuch, do fhoillsigh glóir an TIGHEARNA annsa néull.
11Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ag rádh,
12Do chúala mé munbhar chloinne Israel: labhair ríu, ag rádh, Tráthnóna, iostáoi feóil, agus ar maidin líonfuighear le harán sibh; agus aitheóntáoi gur misi an TIGHEARNA bhur Ndía.
13Agus tárla trathnóna, go ttangadar na gearraghuirt súas, agus gur fholuigheadar an campa: agus ar maidin do luigh an drúchd fá gcuáirt a dtimchioll an tsluáigh.
14Agus a nuair do imthígh an drúchd súas, nochd do luigh, féuch, do luigh ar ghnuis an fhasuigh ni beag cruinn coimhmion rís an tsioc líath ar a talamh.
15Agus a nuáir do chonncadar clann Israel é, do ráidheadar an duine re a chéile is Manna é: óir ni raibh a fhios aca créad é. Agus a dubhairt Maóise ríu, Ag so tarán thug an TIGHEARNA dhaóibh ré ithé.
16A sé so an ní noch do aithin an TIGHEARNA, Cruinnigheadh gach áonduine dhe do réir mar iósas sé. Omer dá gach áonduine, do réir uibhire bhur nanmann; beiridh libh gach áonduine aguibh chuca sin ata an bhur lóistinibh.
17Agus do rinneadar clann Israel sin, agus do chruinnigheadar cuid ní bá lugha, agus cuid ní bá mhó.
18Agus a nuair do thoimhseadar é le omer, an té do chruinnigh iomarcuidh, ní raibh éainni dá bhárr aige, agus an té do chruinnígh beagan, nior theasda éainní uadh: do chruinnigh gach áon acá do réir mar do íosadh sé.
19Agus a dubhairt Maóise, Na fágbhadh áonduine ní dhe a ccoinne na maidne.
20Gidheadh níor éisdeadar ré Maóise; ach do fhág cuid dhíobh ní dhe go maidin, agus do rinneadh cnumha dhe, agus do bhréun; agus do bhi Maóisi feargach riú.
21Agus do chruinnigheadar é gach éanmhaidin, gach áon do réir mar do íosadh sé: agus a nuáir do lasadh an ghrían, do leaghadh sé.
22Agus tárla, ar a seisiodh lá gur chruinnigheadar dhá uirid aráin, dhá omer gach áonduine aca: agus tangadar uachdaráin an choimhthionol úile, agus do innseadar sin do Mhaóise.
23Agus a dubhairt sé riú, Se so ann ní a dubhairt an TIGHEARNA, A márach atá suáimhneas na sáoire náomhtha don TIGHEARNA: fuinigh a niúgh an mheid bfuinfighe, agus bruithigh an mhéid bhruithfidhe: agus an mhéid bhias ós a chionn, cuiridh súas dibh féin dá chumhdach go maidin é.
24Agus do chuireadar súas é a dtaiscigh go maidin, mar do aithin Maóisi dhíobh, agus níor bhréun sé agus ní raibh én phéist ann.
25Agus do ráidh Maóise, Ithidh sin a niugh; óir is sabóid don TIGHEARNA an lá as niugh: ní bhfuighthí a niugh é annsa mhachaire.
26Sé la chruinneochtháoi é; achd an seachdmhadh lá, noch atá na sháoire, ní bhía sé ann.
27Agus tárla, go ndeachadar cuid don phobal amach an seachdmhadh lá do chruinniughadh, agus ni fhúaradar éinni.
28Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Gá fad bheithi ag diultadh maitheantadh, agus mo dhlighthe do choímhéud?
29Féuch, ar a shon so tug an TIGHEARNA an tsábóid dháoibh, uime sin do bheir sé dháoibh air an seiseadh lá arán dha lá: fanadh gach áon aguibh na áit, ná héirgeadh einneach aguibh amach as a áite air an seachdmhadh lá.
30Mar sin do fhosadar an pobal air an seachdmhadh lá.
31Agus do ghoir teagh Israel manna dhé sin mar ainm: agus do bhí sé geal mair shíol coriander; agus a bhlas cosmhuil ré abhlainn do dhéantáoi ré mil.
32Agus a dubhairt Máoise, Sé so an ní aithnighíos an TIGHEARNA, Lionuidh ómer dhé dá choimhéud fá choinne bhur sleachda; ar chor go bhfaicfidh síad an tarán lear bheathuidh mé sibh san bhfásach, a nuáir thug mé amach sibh as talamh na Hégipte.
33Agus a dubhairt Maóise ré Háaron, Glac póta, agus cuir lán ómer do mhanná ann, agus cuir a bhfiaghnuisí an TIGHEARNA é, dá choimheud do bhur sleachduibh.
34Fá mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, mair sin do chuir Aáron súas é as coinne na fíadhnuise, dá chumhdach.
35Agus a dúadar clann Israel manna ceathrachad blíadhan, nó go ttangádar go tír áitreabha: do bhádar ag ithe manna, nó go ttangádar go teóruinn thire Chánaain.
36Omer annois ionnan í; agus an deachmhadh cuid do ephah.
Currently Selected:
Exodus 16: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)