Exodus 17
17
Caibidil XVII.
Talach an phobail an treas uaire 5 Tug Día uisge dhoibh as carraig Hóreb. 8 Bhúadhuigheadar ár Amalec, (an ceud namhad) tré urnaighe Mhaoise.
1Agus do ghluáiseadur comhchruinniughadh chloinne Israel uile ó fhásach Sin, tar éis a naistior do réir aithne an TIGHEARNA agus do chuireadar futhadh a Rephidim: agus ní raibh uisge ag an bpobal ré na ól.
2Uime sin do labhradar an pobal ré Maóise go géur, agus a dubhradar. Tabhair dhuinn uisge go nibhimís. Agus a dubhairt Máoise ríu, Cred fá ccáintí misi? Créad as a ccurtháoi cathughadh ar an DTIGHEARNA?
3Agus do bhí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal ithiomradh a naghuidh Mhaóisi, agus a dubhradar, Cred fá ttug tú leachd sinn súas as a Négipt dar marbhadh, agus do mharbhadh ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?
4Agus do éigh Maóise ar anTTIGHEARNA, ag rádh, Creúd do dhéuna mé ris an bpobalsa? is beag nach bhfuilid a ninmhe gabhála do chlochuibh orum.
5Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Imthigh romhad a lathair an phobail, agus beir leáchd do shinsearuibh Israel; agus an tslat, lear bhuail tú a nabhann, beir leachd ad láimh í, agus imthigh.
6Féuch, seasfa misi, romhad ann sin ar an gcarruig ann Hóreb; agus buáilfe tusa an charrag, agus tiucfaidh uisge amach aiste, da nibhidh an pobal: agus do rinne Maóise sin a lathair shinnsear Israel.
7Agus do ghoir sé ainm na háite Massah, agus Meribah, do chionn cáinte chloinne Israel, agus do chionn gur chuireadar cathughadh ar an DTIGHEARNA, ag rádh, An bhfuíl an TIGHEARNA ar measg, nó nach bhfuil?
8Ann sin thainic Amalec, agus do throid sé ré Israel ann Rephidim.
9Agus a dubhairt Maóise ré Iosua, Tógh dhuinn amach dáoine, agus eirghi ámach, agus troid re Hamalec, a márach seasfa misi ar mullach an chnuic maille ré slat Dé am láimh.
10Mar sin do rinne Iosua mar a dubhairt Maóise ris, agus do throid ré Hamalec: agus do chuáidh Maóise agus Aáron, agus Hur suas a mullach an chnuic.
11Agus tárla, a nuáir do chonnuimh Maóise a lámh súas, go rug Israel buáidh; agus a nuáir do léig a lámh síos, do rug Amalec buaidh.
12Achd do bhádar lámha Mhaóise trom; agus do ghlacadar cloch, agus do chuireadur fáoi é, agus do shuigh sé uirre; agus do chonnuimh Aáron agus Hur a lámha súas, áon díobh ar tháobh dhe, agus áon ar tháobh eile; agus do bhádur a lámha seasmhach go dul na gréine fáoi.
13Agus do chlaoidh Iosuá Amalec agus a dháoine le fáobhar an chloidhimh.
14Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Sgríobh so mar chuimhne a leabhar, agus aithris é a gcluasuibh Iosua: óir cuirfe mé as go hiomlán cuimhne Amalec ó fáoi neamh.
15Agus do thóg Maóise altóir, agus do ghoir IEHOVAH nissi dainm dhi.
16Oir a dubhairt se, Do chionn gurmhionnuigh an TIGHEARNA go mbíadh cogadh aige ré Amalec ó gheinealach go geinealach.
Currently Selected:
Exodus 17: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)