Exodus 15
15
Caibidil XV.
Caithreim Mháoisi, Israel, agus Mhiriam. 23 Ceud gearan an phobail ag na huisgeachaibh searbha.
1Ann sin do ghabh Maóise agus clann Israel an dánsa don TIGHEARNA agus do labhradar, ag radh, Cánad don TIGHEARNA; óir rug sé búaidh go glormhar: an teach agus an marcach do theilg sé san bhfairge.
2 Ase an TIGHEARNA mo neart agus mo dhan, agus do bhí sé na thártháil damh: is eision mo Dhía, agus do dhéana mé áit comhnuighe ullmhughadh dhó: Día mathar, agus airdeocha me é.
3 Is fear coguidh an TIGHEARNA; sé an TIGHEARNA is ainm dhó.
4Do theilg sé carbuid Phárao, agus a shluagh san bhfairge: atáid fós a chaiptínigh toghtha báite san Mhuir ruáidh.
5Do fholchadar na haigéin íad: do sluigeadh aníochdar íad mar chloich.
6Do rinneadh do lámh dheas, ó a THIGHEARNA, glórmhar a ccumhachd: do bhris do lámh dheas, o a TIGHEARNA, an námhuid na mbloghuibh.
7Ré méud hoirdhearcuis do chlaoidh tú íad noch do éirigh súas ad aghaidh: do chuir tú tfhearg amach, noch do chnáoi íad mar chonlach.
8Agus le séideadh do shróna do cruinnigheadh na huisgidhe a ccionn a chéile, do sheasadar na tuilte súas mar chruaich, agus do ceangladh dhá cheile na haigéin a ninnmheadhon na fairge.
9A dubhairt an namhuid, Leanfad, béarad orra, roinnfead a néadail; lasfuidhear manntoil orra; tairreonga mé mo chloidheamh sgriosfuidh mo lámh íad.
10Do sheíd tú lé do ghaóith, do fholuigh a nfairge íad: Do chúadar faói amhuil luáighe ann sna huisgidhibh laidre.
11Cía as cosmhuil riot, a THIGHEARNA, a measc na ndée? cía as cosmhuil riot, glórmhar a naomhthachd, eaglach a meltuíbh, ag déanamh iongantadh?
12Do shín tú amach do lámh dheas, do shluig an talamh íad.
13Dó thréoruígh tusa ann do thrócaire an pobal noch do fhúascuil tú: tug tú éolus dóibh ann do neart chum háitribh náomhtha.
14Cluinfid an pobal, agus biáidh eagla orra: géubha dóbrón greim ar aitreóiribh Phalestína.
15Ann sin béid duibhcidhe Edom lán díongantus; daóine cumhachdacha Moab, géubhuidh crith greim orra; leighfid áitreóirigh Chanaain uilé.
16Tuitfidh uamhan agus eagla orra; lé méid do laimhe béid síad tochdach mar chloich; no go ndeachuidh do phobalsa thairis, a THIGHEARNA, no go ndeachuidh an pobal thairis, noch do cheannuigh tusa.
17Do bheara tú a steach íad, agus suidheocha tú íad a slíabh hoighreachda: annsa náít, a THIGHEARNA, do rinne tú dhuit feín chum comhnuighe ann, annsa tsanctóra, a THIGHEARNA, nóch do dhaingnigheadar do lámha.
18Biaidh an TIGHEARNA a rioghachd go sáoghal na sáoghal.
19Oír do chuáidh each Pharao a steach gon a charbaduibh agus gon a mharcshluagh san bhfairge, agus túg an TIGHEARNA uisgidhe na fairge a rís orra; ach do imthigh clann Israel ar talamh tirim a meadhon na fairge.
20Agus Míriam an bhanfháigh, dearbhshiúr Aáron, do ghlac sí tiompán na láimh; agus do chúadar na mná uile amach na diáigh maille re céol agus re damhsa.
21Agus do fhreagair Míriam íad, Canuidh don TIGHEARNA, oír rug sé búaidh go glórmhar; an teach agus an marcach do theilg sé san bhfairge.
22Marsín tug Maóise Israel ón Mhuir ruáidh, agus do chuádar go fásach Sur, agus do shiúbhaladar trí lá san bhfásach, agus ní fhúaradur uisge.
23Agus a nuáir thangadar go Márah, níor fhéadadar uisgidhe Mhárah ól; oír do bhádar searbh: uime sin tugadh Márah dainm air.
24Agus do rinne an pobal munbhar a naghuidh Mhaóise, ag rádh, Cread ibhiom?
25Agus do eígh seision ar anTTIGHEARNA, agus do thaisbéin an TIGHEARNA crann dó, noch a nuair do chaíth sé is na huisgidhibh, do rinneadh na huisgidhe mílis: annsin do rinne sé gnáth, agus ordúghadh, agus is ann sin do dhearbh sé íad;
26Agus a dubhairt, Má eísteann tú go dúthrachdach re guth an TIGHEARNA do Dhía, agus do ndéana tú an ní is ceart na radharc, agus go ttiubhra tú aire dá aitheantuibh, agus go gcuimhdeocha tú a reachda uile, ni chuirfe me énni dona heasláintibhsi oruibh noch thug mé ar na Hégiptibh: óir is misi an TIGHEARNA leighisios tú.
27Agus tangadur go Hélim mar á rabhadar dhá thobar dhéug uisge, agus deich agus trí fichid crann pailme: agus do rinneadur comhnuidhe an sin láimh ris na huisgidhibh.
Currently Selected:
Exodus 15: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)