Agus a dubhradur clann Israel ríu, Do bfear linn go bhfaghmáois bás re láimh an TIGHEARNA a gcrích na Hégipte, a nuáir do shuigheamar láimh ré potuighibh na féola, agus a nuair do ithmís arán ar saith: óir tug sibhsi amach sinn san bhfásach so, do mharbhadh na coimhthionalasa uile lé hocrus.
An sin dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Féuch, fearfa misi aran ó neamh dháoibh, agus rachuid na dáoine amach agus cruinneochuid suim áirighe gach lá, go ndearbha mé íad, an siubholuid ann mo dhligheadh, nó nach déanúid.