YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 30

30
Caibidil XXX.
Do lean Hesecíah ar na neithe naomhtha do ordughadh.
1Agus do chuir Heseciah fios go Hisrael uile agus go Iúdah agus do scríobh litreacha fós go Héphraim agus go Manasseh, teacht go tigh an TIGHEARNA ann Ierusalem, do chongmhail na cásg don TIGHEARNA Día Israel.
2Oir do rinne an rígh comhairle, agus a phrionnsadha, agus an comhchruinniughadh uile ann Ierusalem, an cháisg de chongmháil annsan dara mhí.
3Oir níor fhéadadar a chongmháil fá namsin, do bhrígh nár náomhuigheadar na sagairt íad féin mar budh lór, ní mó chruinnigheadar cách íad féin go Hierusalem.
4Agus do thaitin an nísin leis an rígh agus leis an ccomhchruinniughadh uile.
5Ar a nadhbharsin do rinneadar órdughadh fúagra do thabhairt ar feadh Israel, ó Bheerseba air fad go Dan, teachd do choimhéad na cásg don TIGHEARNA Día Israel go Hierusalem: óir ní dhearnadar é re aimsir fhada, mar do bhí scríobhtha.
6Marsin dimthigheadar na teachda leís na litreachaibh ón rígh agus ó na prionnsadhuibh ar feadh Israel agus Iúdah, agus do réir aithne an rígh, gha rádh, A chlann Israel, fillidh a rís chum an TIGHEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, agus fillfe sé ar an bhfuighioll atá dhíbhse, noch dimthigh as láimh rígh na Hassíria.
7Agus ná bíthíse cosmhuil re bhur naithreacha, agus cosmhuil re bhur ndéarbhráithribh, noch do pheacaidh a naghaidh an TIGHEARNA Día a naithreadh, noch do sheachaid íad ar a nadhbharsin dá scrios, mar do chíthíse.
8Anois ná bithíse crúaidhmhuinéil, mar do bhadar bhur naithre, acht tugaidh sibh fein don TIGHEARNA, agus tigidh a steach dhá shanctóra, noch do náomhuidh sé go bráth: agus adhruigh bhur TTIGHEARNA Día, le bhfillfe fráoch a fheírge úaibh.
9Oír má fhilltí a rís chum an TIGHEARNA, do gheabhuid bhur ndearbhráithre agus bhur cclann trocaire á lathair na muinntire rug a láimh íad, iondus go ttiucfaid a rís don tirsi: óir is grásamhuil trócaireach bhur TTIGHEARNA Día, agus ní iompochuidh sé a aghaibh úaibh, má fhilltí chuige.
10Marsin do chuádar na teachda ó chathruigh go cathruigh tré thír Ephraim agus Mhanasseh air fad go Sebulun: acht do bhádarsan ag magadh, agus ag sgige fúthadh.
11Thairis sin dumhluigheadar móran do Aser agus do Mhanasseh agus do Shebulun iad fein, agus thangadar go Hierusalem.
12Mar an gcéadna ann Iúdah do bhí lámh Dé lé háonchroidhe amháin do thabhairt dóibh do choimhlíonadh aithne an rígh agus na bprionnsadh, re breithir an TIGHEARNA.
13¶ Agus do chruinnigh an Ierusalem mórán daóine do choimheúd fhéusta a naráin gan loibhín ansa dara mí, comhchruinniughadh romhór.
14Agus deírgheadar agus rugadar na haltóra do bhí ann Ierusalem leó, agus rugadar leó a nuile altóir thúis, agus do theilgeadar a sruth Cidron íad.
15Annsin do mharbhadar an cháisg ar an cceathramhadh déag don dara mhí: agus do bhí náire air na sagartuibh agus air na Lebhítibh, agus do náomhadar íad féin, agus thugadar na hofrála loisge a steach go tigh an TIGHEARNA.
16Agus do sheasadar iona náit do réir a ngnátha, do reír dhlighe Maóise óglach Dé: do chroitheadar na sagart a nfuil, do ghlacadar as láimh na Lebhíteach.
17Oír do bhí mórán annsa chomhchrúinniughadh nach ar náomhadh: uimesin is air na Lebhítibh do bhí curam marbhtha na cásg ar son gach áoin nach raibh glan, dá náomhadh don TIGHEARNA.
18Oír níor ghlan mórán don phobal íad féin, eadhon mórán do Ephraim, do Mhanasseh, do Issachar, agus do Shebulun, gidheadh a dúadar an cháisg thar mar atá scríobhtha. Acht do ghuidh Heseciah ar a son, gha rádh, Go maithidh an TIGHEARNA maith dá gach áonduine
19 nullmhuighionn a chroidhe díarruidh Dé, an TIGHEARNA Día a aithreadh, dá mbeith nach bíadh glan do réir ghlanta na sanctóra.
20Agus déist an TIGHEARNA ré Heseciah, agus do leighis sé an pobal.
21Agus do choimheád clann Israel do bhí a lathair ann Ierusalem féusta a naráin gan loibhín seacht lá maille re gáirdeachus mór: agus na sagairt agus na Lebhítigh ag moladh an TIGHEARNA ó ló go ló, ag seinm le hionstruimintibh árdghothach don TIGHEARNA.
22Agus do labhair Heseciah go cobharthach ris na Lebhítibh uile noch do theagaisc eólus maith an TIGHEARNA: agus a dúadar ar feadh a nféusta seacht lá, ag ofráil ofrála síothchána, agus ag déanamh admhála don TIGHEARNA Día a naithreadh.
23Agus do rinne an coimhthionól uile comhairle fa sheacht lá oile do choimhéud: agus do choimhéadadar seachd lá oile re fólás.
24Oír thug Heseciah rígh Iúdah don chomhchruinniughadh míle bulóg agus seachd míle cáora; agus thug na prionnsadha don chomhchruinniughadh míle bulóg agus deich míle cáora: agus do náomhuidh úibhir mhór shagart íad féin.
25Agus bá luáthghairéach comhchruinniughadh Iúdah uile, agus na sagairt agus na Lebhítigh, agus an coimhthionól tháinic as tír Israel uile, agus na coimhighthigh tháiníc as tír Israel, agus do bhí na ccomhnuidh ann Iúdah.
26Mairsin do bhí gáirdeachus mór ann Ierúsalem: óir ó aimsir Sholuimh mhic Dáibhi rígh Israel ní raibh a leithéid ann Ierusalem.
27¶ Annsin déirgheadar na sagairt, agus na Lebhitigh agus do bheannuigheadar an pobal: agus do héisdeadh a nguth, agus tháinic a nguidhe dá áit chomhnuigh náomhthasan, eadhón go flaitheamhnus.

Currently Selected:

II Croiniclibh 30: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 30