II Croiniclibh 29
29
Caibidil XXIX.
Do athnuadhuigh Hesecíah an fhíorchrábhadh.
1Do thosuigh Heseciah a ríghe a núair do bí sé cúig bhlíadhna fithchiod dáois, agus do bhí sé na rígh náoi mblíadhna fithchiod ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Abiiah, mghean Shechariah.
2Agus do rinne sé an ní fa cheart a radharc an TIGHEARNA, do réir gach éainneithe dá ndéarnuidh a athair Dáibhi.
3¶ Annsa chédbhlíadhuin dá ríghe, annsa chédmhí, dfósguil sé doirse thighe an TIGHEARNA, agus dathnuadhuigh sé íad.
4Agus thug sé a steach na sagairt agus na Lebhítigh, agus do chruinnigh sé a bhfochair a chéile íad ann sa tsráid shoir,
5Agus a dúbhairt sé riú, Eistigh riomso, a Lebhíteacha, náomhuigh sibh feín a nois, agus náomhuigh tigh an TIGHEARNA Día bhur naithreadh, agus beiridh amach an salchar as an náit náomhtha.
6Oír do pheacuigheadar ar naithrene, agus do rinneadar an ní dob olc a radharc an TIGHEARNA Día, agus do thréigiodar é, agus do iompóigheadar a naighthe ó áitreabhadh an TIGHEARNA, agus do chuireadar a ccúl ris.
7Do dhruideadar fós doirse an phóirse, agus do chuireadar na soillse as, agus níor loisgeadar túis agus níor ofráladar íodhbartha loisge annsa náit náomtha do Dhía Israel.
8Uimesin tháinic fearg an TIGHEARNA ar Iúdah agus ar Ierusalem, agus do thoirbhir sé íad do bhuáidhreadh, dúathbhás, agus dfeadaluidh, mar do chíthíse le bhur súilibh.
9Oír, cheana, do thuiteadar ar naithre ris an ccloidheamh, agus atáid ar mic agus ar ningheana agus ar mná a ndaoirse thrídso.
10Anois atá am chroidhesi cunnradh do dhéanamh ris an TTIGHEARNA Día Israel, le a niompochadh a fhearg fhíochmhar úainn.
11A chlann, ná bíthí anois mainneachtnach: óir do thogh an TIGHEARNA sibh do sheasamh dhá lathair, do dhéanamh serbhíse dhó, agus go ndéanadh sibh miniostrálachd dhó, agus go loisgeadh sibh túis.
12¶ Annsin déirgheadar na Lebhítigh, Mahat mhac Amasai, agus Ioel mhac Asariah, do mhacaibh na Ccohatiteach: agus do mhacaibh Merári, Cis mhac Abdi, agus Asariah mhac Iehalelel: agus do na Gersonitibh; Ioah mhac Simmah, agus Eden mhac Ioah:
13Agus do mhacuibh Elisaphan; Simri, agus Ieiel: agus do mhacaibh Asaph; Sechariah, agus Mattaniah:
14Agus do mhacaibh Heman; Iehiel, agus Símei: agus do mhacaibh Iedutun; Semaiah, agus Ussiel.
15Agus do chruinnigheadar a ndearbhráithre, agus do náomhadar íad feín, agus thangadar, do réir aithne an rígh maille re bríathruibh an TIGHEARNA, do ghlanadh thighe an TIGHEARNA.
16Agus do chúadar na sagairt don chuid a steach do thigh an TIGHEARNA, dá ghlanadh, agus thugadar amach gach uile shalchar dá bhfuaradar a stigh a tteampall an TIGHEARNA go cúirt thighe an TIGHEARNA. Agus do thógbhadar na Lebhítigh leó é, dá bhreith leó amach go habhuinn Cídron.
17Anois do thosuigheadar an céad lá don chédmhí ar naomhadh, agus ar a nochtmhadh lá don mhí thangadar go póirse an TIGHEARNA: marsin do náomhadar tigh an TIGHEARNA a nocht lá; agus annsa seiseadh lá déag don chéaidmhi do chríochnuigheadar.
18Ann sin do chuádar a steach go Heseciah an rígh, agus a dubhradar, Do ghlanamar tigh an TIGHEARNA uile, agus altoir na hofrála loisge, agus a soithighe uile, agus bórd a naráin thaisbéanta, gun a shoithighibh uile.
19Tuilleamh oile an uile shoitheach, dar theilg an righ Ahas iona ríghe amach iona shárughadh, do ghléasamairne agus do náomhuigheamar íad, agus, féach, atáid as coinne altóra an TIGHEARNA.
20¶ Annsin déirigh Heseciah an rígh go moch, agus do chruinnigh sé úachtaráin na caithreach, agus do chúaidh sé súas go tigh an TIGHEARNA.
21Agus thugadar seacht mbulóga leó, agus seacht reithe, agus seachd nuáin, agus seachd bpuic, mar ofráil pheacaidh ar son na rioghachta, agus na sanctóra, agus Iúdah. Agus dfúagair sé do na sagartuibh mic Aaron a níodhbuirt ar altóir an TIGHEARNA.
22Mar sin do mharbhadar na bulóga, agus do ghlacadar na sagairt a nfuil, agus do chroitheadar ar a naltóir í: marsin, a núair do mharbhadar na reitheadha, do chroitheadar a nfuil ar a naltóir: do mharbhadar fós na huain, agus do chroitheadar a nfuil ar a naltóir.
23Agus thugadar amach na gabhair fhirionna chum na hofrála peacaidh a lathair an rígh agus an chomhchruinnigh; agus do leagadar a lámha orra:
24Agus do mharbhadar na sagairt íad, agus do rinneadar athmhuinnteardhus le ná bhfuil ar a naltóir, do dhéanamh siothchána ar son Israel uile: oír do aithin an rígh a nofráil loisge agus a nofráil pheacaidh do dhéanamh ar son Israel uile.
25Agus do chuir sé na Lebhítigh a ttigh an TIGHEARNA maille re cimbaluibh, le saltrachaibh, agus lé cláirseachaibh, do reír aithne Dháibhi, agus Ghad féuchadóir an rígh, agus Nátain an faígh: óir is marsin do bhí aithne an TIGHEARNA tre ná fháighibh.
26Agus do sheasadar na Lebhítigh maille re hionstrumintibh Dháibhi, agus na sagairt gun a stocuibh.
27Agus do aithin Heseciah a nofráil loisge do losgadh ar a naltóir. Agus a núair do thosuigh a nofráil loisge, do thósuigh caintic an TIGHEARNA mar an gcéadna leis na stocaibh, agus leis na hionstrumintibh do órduígh Dáibhi rígh Israel.
28Agus do adhradar an comhchruinniughadh uile, agus do shinneadar an luchd ceóil, agus do fhuáimnigheádar na stuic: an tiomlán marsin nó gur críochnuigheadh a níodhbairt loisge.
29Agus a nuáir do chuireadar deireadh leis a nofráil, do chrom an rígh agus an mhéid do bhí na fhochair, agus do adhradar.
30Tuilleamh fós dfúagair Heseciah an rígh agus na prionnsadha do na Lebhítibh moladh do chanadh don TIGHEARNA lé bríathruibh Dháibhi, agus Asaph an faicsionach. Agus do chanadar moladh maille re gáirdeachus, agus do chromadar a gcinn agus dumhluigheadar.
31Ann sin do fhreagair Heseciah agus a dubhairt sé, Anois do choisreagabhair sibh féin don TIGHEARNA, tigidh a leith agus tugaidh íodhbuirt agus ofráil bhuidheachus don TIGHEARNA iona thigh. Agus thug an comhchruinniughadh íodhbuirt agus ofráil bhuidheachuis leó; agus an mhéid do bhí sóchroidhtheach ofráil loisge.
32Agus do bhí uibhir na hofrála loisge, thug an comhchruinniughadh leó, deich mbulóga agus trí fithchid, céad reithe, agus dhá chéad úan: íad so uile mar ofráil loisge don TIGHEARNA.
33Agus do budh sé chéad damh na neithe coisreactha agus trí mhíle cáora.
34Acht do bhádar na sagairt ro ghann, iondus nár fhéadadar na hofrála loisge uile dfeannadh: uime sin do chuidigheadar a ndearbhráithre na Lebhítigh leo, nó gur críochnuigheadh a nobair, agus nó gur náomhuidh na sagairt oile íad féin: óir dob fhíréunta na Lebhítigh iona ccroidhe dá náomhadh féin náid na sagairt.
35Agus mar an ccéadna do bhádar na hofrála loisge iomadamhuil, maille re méathus na nofrálach síothchána, agus na nofrálach dighe da gach áon ofráil loisge. Mar sin do cuireadh serbhís thíghe an TIGHEARNA a nórdughadh.
36Agus do bhí lúathghaíre ar Heseciah, agus air an bpobal uile, gur ullmhuigh Día an pobal: óir do rinneadh an chúis go hobann.
Currently Selected:
II Croiniclibh 29: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)