YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 31

31
Caibidil XXXI.
Do chuir Heseciah deagh‐chríoch ar a uile thionnsgnamh mhaithe, attaobh sheirbhise Dé.
1Anois a núair do críochnuigheadh so uile, do chuáidh a nuile dhuine Disrael dá raibh a lathair amach go caithreachaibh Iúdah, agus do bhrisiodar na hiomháighe na mblodhuibh, agus do gheárradar síos na garráin, agus do theilgeadar seachad na háite árda agus na haltora amach as Iúdah agus as Beniamin, ann Ephraim fós agus a Manasseh, no gur scriosadar go hiomlán íad. Annsin dfilleadar clann Israel uile, gach áon dá sheilbh féin, ann a ccaithreachaibh féin.
2¶ Agus dórduigh Heseciah cúrsa na sagart agus na Lebhiteach do réir a ccúrsadh, gach áonduine do reír a sheirbhíse, na sagairt agus na Lebhítigh chum ofrála loisge agus ofrála siothchána, do mhiniostralachd, agus do bhreith buidhe, agus do mholadh a ndorus lóistíneadh an TIGHEARNA.
3Cuid ronna an rígh mar an ccéadna da máoin féin chum na nofrálach loisge, martá ofráil loisge na maidne agus an tráthnóna, agus ofráil loisge na sabbóideadh, agus na ngealach núadh, agus na bhféustadh bhfúagartha, mar atá scríobhta a ndligheadh an TIGHEARNA.
4Tuilleamh fós dfuagair sé don lucht do chomhnuigh ann Ierusalem cuid na sagart agus na Lebhíteach do thabhairt dóibh, go mbeidís meanmnach a ndligheadh an TIGHEARNA.
5¶ Agus ar ball a ttáinic a naithne amach, thugadar clann Israel leó iomarcuigh do phrimidil arbha, fíoná, ola, agus meala, agus do uile bhíseach a nfearuinn; agus deachmadh gach uile neithe thugadar leo go lionmhar.
6Agus a ttáobh chloinne Israel agus Iúdah, do chomhnuidh a ccaithreachaibh Iúdah, thugadarsan fos a steach deachmhadh damh agus cáorach, agus deachmhadh neitheann náomhtha noch do coisreagadh da TTIGHEARNA Día, agus do chuireadar íad ar muin a chéile na ccrúachaibh.
7Annsa treas mí do thosuigheadar bunáit na ccruach do chur, agus annsa seachunhadh mi do chríochn uigheadar íad.
8Agus a núair tháinic Heseciah agus na prionnsadha agus do choncadar na carnáin, do bheannuigheadar an TIGHEARNA, agus a phobal Israel.
9Annsin do cheastnuigh Heseciah ris na sagartuibh agus ris na Lebhítibh a ttáobh na ccárnn.
10Agus do fhreagair Asariah árdshagart thighe Sádoc é, agus a dubhairt, O a núair fár thionsgnadar an pobal na hofrála do thabhairt a steach go tigh an TIGHEARNA, do bhí go lór aguinn ré ithe, agus dfágbhamar go lór: óir do bheannuigh an TIGHEARNA a phobal; agus an ní do fágbhadh an stór mórso é.
11¶ Annsin dfuágair Heseciah seomradha do ghléas a ttigh an TIGHEARNA; agus do rinneadar íad,
12Agus thugadar a steach na hofrála agus na deachmhadha agus na neithe coisreactha go firinneach: ós cionn a raibh Cononiah an Lebhíteach na fhéadhmannach, agus budh é Símei a dhearbhráthair bá foigsi dhó.
13Agus Iehiel, agus Asasiah, agus Nahat, agus Asahel, agus Ierimot, agus Iosabad, agus Eliel, agus Ismachiah, agus Mahat, agus Benaiah, do budh feithmheóirigh íad fáoi láimh Chononiah agus Shimei a dhearbhrathair, ar aithne an rígh Heseciah, agus Asariah úachdarán thighe Dé.
14Agus ba hé Core mhac Imnah Lebhíteach, an doirseóir don leath shoir, do bhí ós cionn ofrálach toileamhla Dé, do roinn ofrálach an TIGHEARNA, agus na neithionn ronáomhtha.
15Agus na dhiáigh sin do bhí Eden, agus Miniamin, agus Iessua, agus Semaiah, Amariah, agus Sechaniah, a ccaithreachaibh na sagart, iona noifig chumtha, do sheachadadh ar a ndearbhráithribh re sealuibh, comhmaith don mhór agus don bheag:
16Taobh amuigh dá nginealach fearrdha, ó aóis thrí mblíadhan agus ós a chionn, eadhon do gach uile dhuine da tteíd a steach go tigh an TIGHEARNA, a ccuid laétheamhuil ar son a serbhíse iona ccúramuibh do réir a ccúrsadh;
17Ar aon do ghinealach na sagart maille re tigh a naithreadh, agus na Lebhíteach ó fhithchid blíadhan dáois agus ós a chionn, iona ccúramuibh do réir a ccúrsadh;
18Agus do ghinealach a ndáoine beaga uile, dá mnáibh, agus dá macaibh, agus dá ningheanuibh, ar feadh an chomhchruinnigh: óir iona noifig chinnte do náomhuigheadar íad féin a náomhthacht:
19Mar an gcéadna do mhacaibh Aaron na sagart, noch do bhí a machairighibh cuimíneadh a ccaithreach, ann gach áon chathair fa leith, na dáoine do foillsiughadh na nainm, do thabhairt coda ronna do nuile fhirionnach a measg na sagart, agus an mhéid do háirmheadh le ginealach a measc na Lebhiteach.
20¶ Agus marso do rinne Heseciah ar feadh Iúdah uile, agus do oibrigh maith agus ceart agus fírinne a lathair a THIGHEARNA Dé.
21Agus ann gach uile obair dar thionnsguin sé a serbhís tighe Dé, agus annsa dligheadh, agus annsna haitheantuibh, díarruidh a Dhé, do rinne sé é re na chroidhe iomlán, agus do bhí se sona.

Currently Selected:

II Croiniclibh 31: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 31