YouVersion Logo
Search Icon

Zacairia 8

8
Oracail Mheisiasacha
1Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:
2Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,
a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”
3Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Fillfidh mé ar Shíón
agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.
Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,
Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”
4Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís
i gcearnóga Iarúsailéim;
beidh bata ag gach duine díobh ina láimh
de dheasca a sheanaoise.
5Agus beidh cearnóga na cathrach
lán de bhuachaillí agus de chailíní
agus iad ag súgradh iontu.”
6Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Más geall le míorúilt é seo
le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin,
an gá gurb ionadh liomsa é?”
–a deir Tiarna na Slua.
7Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Sábhálfaidh mé mo phobal
ón domhan thoir agus ón domhan thiar.
8Tabharfaidh mé ar ais iad
chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim.
Beidh siad ina bpobal agamsa
agus beidh mise i mo Dhia acusan
go dílis agus go cóir.”
9Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Músclaígí bhur misneach,
sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo
leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe
atá ag déanamh tairngreachta,
ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua,
ionas go n‑atógfaí an Teampall.
10Óir, roimh na laethanta seo
ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,
agus, mar gheall ar a chuid naimhde,
ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine
agus é ag dul i mbun a ghnó;
mar bhí mé tar éis an uile dhuine
a chur in aghaidh a chomharsan.
11Ach anois ní chaithfidh mé
le hiarmhar an phobail seo
faoi mar a chaith mé leo tráth,”
a deir Tiarna na Slua.
12“Beidh rath agus bláth ar a síol;
tabharfaidh an fhíniúin a caora
agus an talamh a thorthaí;
fearfaidh na spéartha a ndrúcht,
agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo
i seilbh na maitheasaí seo go léir.
13Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,
a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,
sin mar a shábhálfaidh mé sibh
nó go mbeidh sibh in bhur n‑ábhar beannachtaí dóibh;
ná bíodh aon eagla oraibh mar sin
ach músclaígí bhur misneach.”
14Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Faoi mar a bheartaigh mé
dochar a dhéanamh daoibh
nuair a chuir bhur n‑aithreacha fearg orm,”
a deir Tiarna na Slua,
“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,
15sin mar atá sé beartaithe agam athuair
rath a chur ar Iarúsailéim
agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.
Ná bíodh eagla oraibh.
16Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:
labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;
ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,
a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;
17ná beartaíodh aon duine agaibh
olc ina chroí in aghaidh a chomharsan;
agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige;
óir, is fuath liom na nithe sin go léir,”
a deir an Tiarna.
18Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:
19Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú
agus an seachtú agus an deichiú mí
ina n‑ábhar áthais agus lúcháire
agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá.
Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”
20Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra.
21Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin
go ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreach
chun impí a dhéanamh ar an Tiarna
agus chun Tiarna na Slua a lorg.
Táimse féin ag dul.’
22Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan
chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim
agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.”
23Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:
“Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear
as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige,
greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá:
‘Lig dúinn dul in éineacht leat,
óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”

Currently Selected:

Zacairia 8: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in