YouVersion Logo
Search Icon

Zacairia 7

7
Troscadh agus Fíorchráifeacht
1Sa cheathrú bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá den naoú mí, is é sin le rá, de mhí Chisléu, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia. 2Is amhlaidh a chuir muintir Bhéit Éil feidhmeannach de chuid an rí darb ainm Searaizir uathu, i dteannta a chuid fear, chun fabhar a impí ar an Tiarna, 3agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”
4Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom ansin mar a leanas: 5“Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é? 6Agus nuair a dʼitheadh agus a dʼóladh sibh nach ar bhur son féin a dhéanadh sibh ithe agus ól? 7Nárbh iad seo na briathra a dʼfhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”
8Labhraíodh briathar an Tiarna ansin le Zacairia mar a leanas: 9“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Tugaigí fíorbhreithiúnas uaibh; taispeánadh gach duine agaibh buanghrá agus trua dá bhráthair. 10Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”
11Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus dʼiompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís. 12Rinne siad a gcroithe chomh dáigh le diamant ar eagla go gcloisfidís an teagasc, agus an teachtaireacht a chuir Tiarna na Slua chucu lena spiorad trí bhéal na bhfáithe a bhí ann fadó. Dá dheasca sin chuir Tiarna na Slua smachtú dian orthu le neart feirge. 13Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo. 14Ach scaip mé chun fáin iad i measc na náisiún uile nach raibh aithne acu orthu; agus tar éis dóibh imeacht bánaíodh an tír sa chaoi nach raibh duine ná deoraí ag gabháil anonn agus anall inti. Ar an gcuma sin rinne siad fásach folamh dá ndúiche álainn.”

Currently Selected:

Zacairia 7: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in