Zacairia 9
9
An Dara Cuid
Ionradh an Tiarna
1Oracal.
Tá briathar an Tiarna i ndúiche Hadrác,
agus tá foslongfort aige sa Damaisc,
–mar is leis an Tiarna cathracha uile Arám
faoi mar is leis treibheanna uile Iosrael.
2Tá sé i Hamát freisin, áit atá ar a teorainn
agus sa Tuír agus i Síodón, dá mhéad í a n‑eagna.
3Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin,
agus airgead a charnadh mar dheannach,
agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.
4Ach, féach! Gabhfaidh an Tiarna seilbh uirthi;
brisfidh sé a cumhacht ar an bhfarraige
agus loiscfear í le tine.
5Feicfidh Aiscileon é sin agus tiocfaidh eagla uirthi;
feicfidh Gaza é chomh maith
agus beidh sí ag lúbarnaíl le scéin;
beidh Eacrón ar crith freisin,
mar cuirfear a dóchas ó chrích.
Díothófar rí Ghaza
agus ní dhéanfar cónaí in Aiscileon feasta.
6Lonnóidh pór measctha in Aisdeod,
agus buailfidh mé an t‑uabhar as an bhFilistíneach.
7Sracfaidh mé óna bhéal
an fheoil a bhfuil an fhuil inti fós,
agus sciobfaidh mé a ofrálacha gráinniúla
ó idir a fhiacla.
Lena chois sin déanfar iarmhar dár nDia de,
agus beidh sé ina chlann in Iúdá;
agus beidh Eacrón cosúil le Iabúsach.
8Suífidh mé mo champa mórthimpeall mo thí,
mar gharda in aghaidh a dtiocfaidh agus a n‑imeoidh;
ní ghluaisfidh aon tíoránach tríothu feasta,
mar táimse tar éis bheith ag faire orthu anois le mo shúile cinn féin.
Teacht an Rí Mheisiasaigh
9Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón;
tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim.
Féach, tá do rí ag teacht chugat,
é go caithréimeach slán,
agus go ceansa,
agus ag marcaíocht ar asal,
ar bhromaichín, ar shearrach asail.
10Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim
agus an capall catha as Iarúsailéim;
agus brisfear an bogha cogaidh.
Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin,
agus beidh sé i réim ó mhuir go muir
agus ón Abhainn go himill na cruinne.
Beidh Iosrael faoi Rath
11Ach maidir leatsa,
ar son fhuil do chonartha liomsa,
seolfaidh mé do chimí ar ais ón bpoll
nach bhfuil aon uisce ann.
12Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais,
an lá inniu féin dearbhaím
go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.
13Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha,
agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead.
Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airm
in aghaidh chlann mhac Iáván,
agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot.
14Nochtfaidh an Tiarna os a gcionn.
Seinnfidh a shaighead amach mar splanc thintrí;
séidfidh an Tiarna Dia an stoc,
agus réabfaidh sé leis ar aghaidh
ar stoirmeacha an deiscirt.
15Cosnóidh Tiarna na Slua iad;
dísceoidh siad [a naimhde]
agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill.
Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán,
faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon;
beidh siad chomh lán le babhla íobartha
chomh smeartha le cúinní altóra.
16An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad,
a phobal féin, mar thréad caorach.
Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh
amhail seoda corónach.
17Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin!
Nach álainn a bheidh siad!
Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh
agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.
Currently Selected:
Zacairia 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.