Zacairia 6
6
Na Carbaid
1Dʼardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach ceithre charbad ag nochtadh chugainn amach idir dhá shliabh. Sléibhte cré-umhaí ba ea na sléibhte seo. 2Bhí capaill rua faoin gcéad charbad, agus capaill dhubha faoin dara ceann, 3agus capaill bhána faoin tríú ceann, agus capaill bhallacha láidre faoin gceathrú ceann. 4Cheistigh mé an t‑aingeal a bhí ag caint liom, á rá: “Cad iad seo, a dhuine uasail?” 5Dúirt an t‑aingeal liom ansin, do mo fhreagairt: “Tá siad seo ag gabháil amach faoi cheithre hairde na cruinne tar éis dóibh a bheith ag freastal ar Thiarna an domhain uile. 6Tá carbad na gcapall dubh ag dul go dtí an tuaisceart agus carbad na gcapall bán ag dul go dtí an t‑iarthar agus carbad na gcapall ballach ag dul go dtí an deisceart.” 7Tháinig siad amach go beo bríomhar agus flosc orthu chun dul anonn agus anall ar fud an domhain mhóir. “As go brách libh as seo anonn agus anall ar fud an domhain,” arsa an t‑aingeal agus dʼimigh siad leo ar chuairt na cruinne. 8Ghlaoigh sé ormsa ansin agus labhair sé liom mar a leanas: “Féach,” ar seisean, “na cinn atá ag dul i dtreo an tuaiscirt tabharfaidh siad ar spiorad [an Tiarna] tuirling ar an tuaisceart.
An Choróin
9Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: 10“Glac ofrálacha ó na hiarchimí Haldae agus Tóibíá agus Iadáia agus imigh leat an lá céanna go dtí teach Ióisíá, mac Zafainiá–is amhlaidh a bhí na daoine seo tar éis teacht ón mBablóin. 11Tóg airgead agus ór agus déan coróin agus cuir ar cheann an ardsagairt Iósua, mac Iózádác, í 12agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna. 13Is eisean go deimhin a atógfaidh Teampall an Tiarna, agus a chuirfidh air féin na suaitheantais ríoga, agus a shuífidh mar rialtóir ina ríchathaoir. Beidh sagart ar a dheis agus beidh comharaíocht chairdiúil eatarthu. 14Cuirfear an choróin i dTeampall an Tiarna mar thoirbhirt chuimhneacháin ar Haldae agus ar Thóibiá agus ar Iadáia agus ar Ióisíá, mac Zafainiá.” 15Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.”
Currently Selected:
Zacairia 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.