Zacairia 5
5
An Scrolla Eitilte
1Dʼardaigh mé mo shúile arís agus cad a chonaic mé ach scrolla ag eitilt. 2“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Feicim scrolla ar eitilt,” arsa mise, “tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.” 3Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar mʼainmse. 4Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar mʼainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”
Bairille an Oilc
5Thaispeáin an t‑aingeal a bhí ag caint liom é féin dom ansin agus dúirt: “Ardaigh do shúile agus féach ar an rud seo atá ag nochtadh chugainn amach.” 6“Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.” 7Ardaíodh an clúdach luaidhe den bhairille ansin agus bhí bean ina suí istigh ann. 8“Is í seo an Urchóid,” ar seisean agus sháigh sé síos sa bhairille í agus theann sé an clúdach luaidhe ar a bhéal. 9Dʼardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin–óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir. 10“Cá bhfuil an bairille á thabhairt acu?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. 11“Go dtí tír na Sionáire,” ar seisean liom, “chun teampall a thógáil dó ann. Nuair a bheidh sé ullamh dó, cuirfear síos ar a bhonn féin é.”
Currently Selected:
Zacairia 5: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.