YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 9

9
Mná
1Ná bíodh éad ort le do chéile cumainn,
agus ná múin droch-cheacht di a ghoillfeadh ort féin.
2Ná taobhaigh thú féin le bean,
le go mbuailfeadh sí cos ar do neart.
3Ná taithigh meirdreach,
le heagla go dtitfeá ina líon.
4Ná bíodh caidreamh agat ar amhránaí mná,
le heagla go rachfá i ngreim ina gaistí.
5Ná stán ar mhaighdean,
le heagla go mbainfí tuisle asat agus go mbeifeá páirteach ina cuid pionós.
6Ná lig do chroí le striapacha,
le heagla go gcaillfeá dʼoidhreacht.
7Ná bí ag gliúcaíl timpeall i sráideanna cathrach,
ná ag maingeáil ina póirsí tréigthe.
8Claon do shúil ó bhean sciamhach,
agus ná stán ar mhaise nach leat;
chuir maise mhná a lán ar seachrán,
agus déanann sí mian a adhaint mar thine.
9Ná suigh chun boird le bean duine eile,
agus seachain carús fíona ina cuibhreann,
le heagla go meallfaí do chroí léi
agus go sciobfaí chun díthe thú le teann dúthrachta.
Fir
10Ná tréig seanchara,
mar níl dul ag an gcara nua air;
cara nua nó fíon nua–
nuair a rachaidh sé in aois, ólfaidh tú é le fonn.
11Ná maígh a ghlóir ar an bpeacach
mar ní eol duit cén chríoch a bheidh air.
12Ná bain aoibhneas as an ní is gean leis na héagráifigh;
cuimhnigh nach rachaidh siad chun na huaighe gan chiontacht.
13Fan siar ón té a bhfuil cumhacht ar bhás is ar bheatha aige,
agus ní chuirfidh eagla an bháis aon imní ort;
má théann tú ina ghaire, ná cuir cos amú,
le heagla go gcaillfeá dʼanam leis;
bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag siúl i measc na ngaistí,
agus ag faoileáil ar fhorbhallaí na cathrach.
14Tabhair buille faoi thuairim i dtaobh do chomharsana, mar is fearr is féidir duit,
agus téigh i gcomhairle le lucht na heagna.
15Bíodh do chomhrá le daoine tuisceanacha,
agus bíodh do phlé faoi dhlí an Té is Airde.
16Bíodh daoine córa ag suí chun boird leat,
agus bíodh eagla an Tiarna agat mar ábhar mórtais.
17Molfar obair de bharr chumas lámh na gceardaithe,
ach is ina bhriathra a thaispeántar gaois cheannasaí an phobail.
18Tá eagla roimh an duine béalscaoilteach ina bhaile féin,
agus beidh an ghráin ar an té atá gan srian ar a theanga.

Currently Selected:

Síorach 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in