YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 10

10
Rialtas
1Déanfaidh an giúistís críonna a phobal a theagasc,
agus beidh eagar ar riail an eagnaí.
2Mar a bhíonn ag an ngiúistís, is mar sin a bhíonn ag a fheidhmeannaigh,
mar a bhíonn ag rialtóir na cathrach, is mar sin a bhíonn ag a háitritheoirí go léir.
3Déanfaidh an rí gan oiliúint a phobal a scriosadh,
ach fásfaidh cathair trí thuiscint a flatha.
4Tá ceannas na cruinne i láimh an Tiarna,
agus cuirfidh sé an fear cuí ina feighil in am trátha.
5Tá séan an duine i láimh an Tiarna,
agus bronnann sé a ghlóir ar phearsa an scríobhaí.
Uabhar
6Ná bí i bhfearg le do chomharsa faoi gach éagóir,
agus ná déan beart choíche le teann feirge.
7Is gráin leis an Tiarna agus leis an duine an t‑uabhar,
agus is fuath leo araon an éagóir.
8Téann flaitheas ó chine go cine
de bharr éagóra, uabhair, agus airgid.
9Céard a bhéarfadh éirí in airde ar an té nach bhfuil ann ach cré agus luaithreach?
óir fiú i gcaitheamh a shaoil tagann faoina ionathar.
10Déanann breoiteach fhada ceap magaidh den lia;
an té is rí inniu, beidh a ré caite amárach.
11Tar éis bháis do dhuine,
gheobhaidh péisteanna, ainmhithe fiáine,
agus cruimheanna é mar oidhreacht.
12An Tiarna a thréigean is tosach ag uabhar an duine;
óir bíonn a chroí scartha lena chruthaitheoir.
13An peaca tús an uabhair,
agus an té a chloíonn leis, sceithfidh a bhrocamas as;
uime sin is ea a thug an Tiarna na trioblóidí aisteacha sa mhullach orthu,
agus scrios sé glan amach iad.
14Leag an Tiarna cathaoireacha na rialtóirí ar lár
agus chuir lucht na huirísle ina suí ina n‑áit.
15Rinne an Tiarna na ciníocha a staitheadh óna bhfréamhacha,
agus phlandaigh sé lucht na humhlaíochta ina n‑áit.
16Bhris an Tiarna ar chríocha na gciníocha,
agus scrios sé iad go máithreacha na cruinne.
17Rug sé cuid díobh ar shiúl agus mhill sé iad,
agus scrios sé a gcuimhne de chlár na talún.
18Níor cruthaíodh an t‑uabhar don duine,
ná fraoch feirge do shíol na mban.
Urraim
19Cén cine is díol urraime? An cine daonna.
Cén cine is díol urraime? An mhuintir lenarb eagal an Tiarna.
Cén cine is díol easonóra? An cine daonna.
Cén cine is díol easanóra? An mhuintir a bhriseann na haitheanta.
20Is díol urraime an ceannasaí i measc a bhráithre,
agus an mhuintir arb eagla leo an Tiarna, is fiú iad onóir ina láthair.
21(Tús na céime ar aghaidh, eagla an Tiarna;
ach tús an diúltaithe, ceanndáine agus uabhar.)
22An saibhir, an t‑iomráiteach, agus an bochtán
–gurb é eagla an Tiarna a mórtas!
23Ní cóir easonóir a thabhairt don bhochtán eagnaí,
ná ní cuí peacach a onórú.
24Tabharfar onóir don uasal, don bhreitheamh, don fhlaith,
ach ní mó aon duine díobh ná an té arb eagal leis an Tiarna.
25Beidh saoránaigh ag fónamh do dhaorán ciallmhar,
agus ní bheidh fear na tuisceana ag gearán.
Umhlaíocht
26Ná bí roghlic i mbun do ghnó,
agus ná bíodh éirí in airde ort agus tú i gcúngracht.
27Is fearr saothraí a bhfuil flúirse de gach sort aige,
ná duine a théann timpeall ag maíomh ach é ar easpa aráin.
28A mhic, bíodh cáil na humhlaíochta ort,
agus bíodh meas agat ort féin de réir mar is dual duit.
29Cé a chinnteoidh ceart don té a chiontaíonn ina aghaidh féin?
agus cé thabharfaidh onóir don té nach bhfuil meas aige ar a bheatha féin?
30Bíonn meas ar an mbocht ar son a eolais,
agus ar an saibhir de bharr a mhaoine.
31Má bhíonn meas ar dhuine agus é ar an ngannchuid, nach mó ná sin a bheidh agus raidhse aige!
ach má bhíonn sé gan mheas agus é saibhir, nach lú ná sin a bheidh meas air agus é bocht!

Currently Selected:

Síorach 10: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in