YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 8

8
Ciall
1Ná téigh chun cocaíochta le fear cumhachtach,
le heagla go bhfaigheadh sé greim ort uair éigin.
2Ná bí in earraid le fear gustalach,
le heagla go leagfadh sé an mheá ort,
mar is iomaí duine a scrios an t‑ór,
agus chlaon sé an croí ag ríthe.
3Ná bí ag aighneas le teanga phras,
agus ná leag connadh ar a tine.
4Ná bí ag déanamh grinn le fear gan mhúineadh,
le heagla go ndéanfaí do shinsir a aithisiú.
5Ná bíodh drochmheas agat ar an té atá ag iompú ón bpeaca;
cuimhnigh go bhfuilimid go léir ciontach.
6Ná tarcaisnigh duine ina sheanaois,
mar tá cuid againn féin ag dul san aois.
7Ná cuireadh bás duine áthas ort;
cuimhnigh go bhfuil an bás i ndán dúinn go léir.
Nósanna
8Ná tabhair neamhaird ar chaint na saoithe,
ach bí taitheach ar a seanfhocail;
óir gheobhaidh tú teagasc uathu
agus foghlaim le freastal ar dhaoine tábhachtacha.
9Ná bíodh beagmheas agat ar ráite na sean,
óir dʼfhoghlaim siadsan óna sinsir;
gheobhaidh tú críonnacht uathusan,
agus eolas ar conas freagra a thabhairt go tráthúil.
An Chríonnacht
10Ná hadhain gualach an pheacaigh
le heagla go ndófá thú féin ina lasair.
11Ná bítear ag spochadh asat i láthair dhuine uallaigh
chun nach ndéanfadh sé mar a bheadh luíochán ar do bhriathra.
12Ná tabhair iasacht do dhuine is láidre ná thú,
agus má thugann tú iasacht, glac leis go bhfuil tú thíos leis.
13Ná téigh i mbannaí thar do chumas,
ach má théann tú i mbannaí bí ar an tuiscint go gcaithfidh tú íoc.
14Ná téigh chun dlí le breitheamh,
óir tabharfar an bhreith ina fhabhar de réir a sheasaimh.
15Ná téigh ar aistear i gcuideachta dhuine bhaoth,
dʼfhonn nach mbeadh sé ina cheataí duit;
óir déanfaidh seisean de réir a thola,
agus de bharr a bhaoise scriosfar thú mar aon leis.
16Ná bí ag achrann le fear drochmhianaigh,
agus ná taisteal leis tríd an bhfásach;
óir ní aon ní fuil ina shúilesean,
agus leagfaidh sé ar lár thú mar nach bhfuil cabhair ar fáil.
17Ná téigh i gcomhairle le hamadán,
mar ní fhéadfaidh sé rún a choimeád.
18Ná déan aon ní atá le ceilt i láthair choimhthígh;
mar ní eol duit cad a thiocfaidh as.
19Ná nocht do chroí do gach duine,
agus ná cuir do chonách ar shiúl uait.

Currently Selected:

Síorach 8: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in